Bliotschomórtas rathúil i Sligeach

Bhí lá den scoth ag páistí bunscoile Shligigh agus Liatroma ar na mallaibh nuair a d’fhreastail siad ar bhlitzchomórtas Gaeilge a reáchtáil CLG Naomh Mhuire i mbaile Shligigh. Bhí páistí i láthair ó Gaelscoil Chnoc na Ré, Scoil Ursula agus Scoil Eoin as Sligeach agus Gaelscoil Chluainín i Liatroim don bhlitzchomórtas don ócáid iontach a tharla mar chuid de cheiliúradh an chlub do Sheachtain na Gaeilge. Ní amháin go raibh comórtas peile acu, ach bhí tráth na gceist agus mionbhabhta Scór acu, le h-amhránaíocht, ceol agus dánta.

D’éirigh le CLG Naomh Mhuire deontas a fháil trí scéim deontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha leis an lá a eagrú agus d’éirigh thar barr leis an ócáid leis an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh sa CLG i mbaile Shligigh.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i deagmháil linn ag clg@glornangael.ie.

Roghnaigh do theanga / Choose your language