Site logo

Bliots na Fondúireachta – 13ú Samhain 2021

Dóibh siúd a bhfuil suim acu i gcúrsaí spóirt ba lá mór é san Ardchathair Dé Sathairn an 13ú Samhain 2021.

Bhí foireann chlúiteach na Nua Shéalainne, na All Blacks, ar chuairt agus iad a tabhairt faoi fhoireann na hÉireann sa Staid Aviva, le cuma na maitheasa ar an bhfoireann bhaile tar éis dóibh buachaint ar an Seapáin an tseachtain roimh sin.

I bPáirc Parnell ar an lá céanna bhí Cluiche Ceannais Iomána Átha Cliath ar siúl idir Na Fianna agus Cill Mochuda Na Crócaigh, cluiche den chéad scoth á thuar ag na saineolaithe.

Ach bhí imeacht eile ar siúl nár tharraing an oiread sin airde ach a bhí lán chomh tábhactach i súile na ndaoine a bhí rannpháirteach. Bliots na Fondúireachta, srath de chluichí peile á n-imirt ag clubanna de chuid an CLG a bhí tar éis clárú le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha chun stádas na Gaeilge ina gcuid clubanna  a ardú. Ocht bhfoireann ar fad a bhí páirteach agus chruinnigh siad le chéile i gclubtheach Naomh Fionnbarrra, i gCabrach ar an dtaobh ó thuaidh den chathair go gairid tar éis am lóin.

Cuireadh failte roimh na himreoirí, agus chuir siadsan fáilte roimh an an anraith agus ceapairí a bhí curtha ar fáil ag Naomh Fionnbarra.

Bhí sé le brath go luath go raibh atmasféar cairdiúil, siamsúil agus Gaeilge á labhairt ag gach duine. Bhí daoine ag tnúth leis na cluichí, don chuid is mó ní raibh peil mheasctha le fir agus mná ag imirt le chéile imirthe ag éinne roimhe.

Cuireadh an réiteoir, Piaras, in aithne agus mheabhraigh seisean do na himreoirí go mbainfí pointí d’fhoirne dá mbeadh an Béarla le cloisteáil. Ní raibh gá, ar ndóigh, bhí gach duine ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid.

Sa chéad cluiche thug Naomh Fionnbarra 1 aghaidh ar Fhine Ghallainn – cluiche maith cóngarach agus bhuaigh muintir Shóird 9-7 i gcoinne 6-4. Tháinig Naomh Fionnbarra 2 amach ansin agus bhuaigh siad ar Bhaile Buadáin Naomh Éanna 4-6 le 2-2.

Club iománaíochta agus camógaíochta é Setanta as Baile Munna, ach imríonn siad sa bhliots toisc go mbíonn siad ag iarraidh tacú le himeachtaí as Gaeilge. Go míámharach, bhuaigh Na Gaeil Óga orthu ina gcéad cluiche 3-2 le 2-4 (pointe amháin), an cluiche is cóngaraí i rith an lae ar fad.

Bhuaigh Caisleán Cnucha, na curaithe ó 2020, ar Naomh Barróg sa chéad cluiche eile 3-4 le 1-2.

Lean na cluichí ar aghaidh agus tar éis na cluichí cáilithe bhí na cluichí leathcheannais socraithe:

Naomh Fionnbarra 1 V Caisleán Cnucha agus Fine Ghallainn V Naomh Barróg.

Bhuaigh Fine Ghallainn agus Caisleán Cnucha agus réitigh gach duine é/í féin don chraobh.

Sa deireadh bhuaigh Fine Ghallainn éascá go leor 5-9 an aghaidh 0-6.

Bhronn Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey agus Cathaoirleach Naomh Fionnbarra , Éilís Uí Longáin na duaiseanna ar na buaiteoirí.

Agus é ag glacadh le sciath na mbuaiteoirí, ghabh captaen Fhine Ghallain, Darragh Ó Murchú buíochas le gach duine a ghlac páirt, le Naomh Fionnbarra as na háiseanna a chur ar fáil, leis an réiteoir agsu le Glór na nGael as an mbliots a eagrú.

D’fhág gach duine slán lena chéile, tuirseach ach sásta, agus gheall go mbeidís ar ais an bhliain seo chugainn, ag Bliots na Fondúireachta -imeacht lán Ghaeilge spoírtiúil den scoth.