Ar Satharn 01 Feabhra 2020, Lá’ ‘le Bríde, bhailigh suas le leath-chéad imreoirí peile isteach go clubtheach Naomh Fionnbarra, i gCabrach i dtuaisceart na Ardcathrach don chéad bliots peile a d’eagraigh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í an Fhondúireacht le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
D’eascair an smaoineamh don bliots ag fóram a bhí eagraithe ag deireadh 2019 idir ionadaithe ó na clubanna áirithe seo: Naomh Fionnbarra (Cabrach), Caisleán Chnuca, Setanta (Baile Munna), Oileán na hÉireann (Fionnghlas), Na Fianna (Glasnaíon) agus Cluain Tarbh. Shocraigh siad gur mhaith leo comórtas de chineál éigin a bheith eatarthu agus roghnaíodh Lá ‘le Bríde mar dháta agus chuir Naomh Fionnbarra a gcuid áiseanna iontacha ar fáil don ocáid.
Aontaíodh ar roinnt rialacha faoi leith roimh ré – ní raibh aon aoisteorann i bhfeidhm do na himreoirí, bhí na foirne measctha – i.e. ceathrar ban agus triúr fear ar an bpáirc agus bronnadh trí chúl sa bhreis ar aon fhoireann nár labhair aon Bhéarla le linn na himeartha.
Sa chéad cluiche d’éirigh le Na Fianna buachaint ar Naomh Fionnbarra agus bhí caighdeán ard san imirt. Amach le himreoirí Setanta agus Oileán na hÉireann ansin agus bhí an lámh in uachtar ag muintir Fhionnghlais.
Toisc gur ghnóthaigh siad an scór is ísle ó na babhtaí cáilithe bhí ar Setanta imirt láithreach i gcoinne Caisleán Chnuca. Bhí orainn slán a rá le Setanta mar bhuaigh Caisleán Chnuca orthu. “Beimid ar ais an bhliain seo chugainn”, a dúirt siad, “ agus le bhur dtoil cuir comórtas iománaíochta ar siúl!”
I ndiaidh am sosa, le ceapairí agus anraith a chuir Naomh Fionnbarra ar fáil, deineadh tarraingt chun na cluichí leathcraoibhe a shocrú.
Bhuaigh Na Fianna ar Oileán na hÉireann agus Caisleán Chnuca ar Naomh Fionnbarra.
D’fhág sin Na Fianna i gcoinne Caisleán Chnuca sa chluiche cheannais.
I rith chluiche den chéad scoth d’éirigh le Caisleán Chnuca an chraobh a thógáil leo.
Ag labhairt dó thar cheann Chaisleán Chnuca ghabh Gareth Ó hEaghra, captaen na foirne (agus Oifigeach na Gaeilge sa chlub) buíochas le Naomh Fionnbarra agus le Glór na nGael as an gcomórtas a eagrú. D’imigh na rannpháirtithe abhaile traochta ach sásta tar éis lá iontach ag peil fíor-Ghaelach i gCabrach.
Tá gach eolas faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil: Anseo
Caisleán Cnucha ag imirt i gcoinne ar Na Fianna sa chluiche ceannais de bhliots peile Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha!
Foireann Caisleán Cnucha a bhain sa chluiche ceannais de bhliots peile Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha!
Glacann Gareth Ó hEaghra, Oifigeach na Gaeilge Chaisleán Chnucha CLG le sciath an chomórtais ó Sheán de Paor, Glór na nGael.
Sa dara cluiche leathcheannais thug Naomh Fionnbarra aghaidh ar Caisleán Cnucha!
Sa chéad cluiche leathcheannais bhí na Na Fianna in aghaidh Oileán na hÉireann! Emma Grae (Na Fianna) agus Caoimhe Ní Thuathail (Oileán na hÉireann)
Nick Mc Cluskey (Caisleán Chnucha)
Brook Mac Eoghain (Naomh Fionnbarra) ag iarraidh an liathróid a bhaint de Jeff Johnston (Cluain Tarbh ach ag imirt do Chaisleán Chnucha)
Lisa Heavey (Caisleán Chnucha)