Beartas um Shábháilteacht ó Dhóiteán – Oifig Chathair Saidhbhín

 

Ráiteas Beartais

Tá sé mar pholasaí ag an eagraíocht seo mar chuid dá polasaí sláinte agus sábháilteachta a chinntiú go laghdaítear an baol dóiteáin trí mheasúnuithe riosca rialta a dhéanamh, córais oiriúnacha réamhchúraim dóiteáin a bheith i bhfeidhm agus nósanna imeachta láidre a bheith aici chun an foirgneamh a aslonnú i gcás dóiteáin.

Is é an polasaí atá againn ná:

  1. Ní chuirfear beatha ar bith i gcontúirt ar bith.
  2. Déantar nósanna imeachta aslonnaithe a thástáil go rialta.
  3. Is féidir trealamh, srl. a athsholáthar agus ní fiú beatha duine a chur i mbaol ar mhaithe le trealamh a tharrtháil.
  4. Déanfaidh an duine freagrach measúnú riosca um shábháilteacht ó dhóiteán ar bhonn rialta.
  5. Cuirtear córais oiriúnacha réamhchúraim i bhfeidhm agus leantar iad.
  6. Ní dhéantar aon tine a chomhrac ach amháin nuair nach bhfuil aon bhaol ann do dhuine nó do dhaoine agus go bhfuil oiliúint chuí faighte ag an duine sin.

Tá sé de fhreagracht ar Séaghan Ó Suilleabháin an polasaí seo a chur i gcrích.

 

Nós Imeachta i gCás Tine

I gcás dóiteáin, sáróidh sábháilteacht agus caomhnú beatha gach breithniú eile. Tá sé de dhualgas ar gach ball foirne iad féin a chur ar an eolas faoi na nósanna imeachta aslonnaithe éigeandála a comhaontaíodh. Mar chuid den athbhreithniú rialta ar an measúnú riosca, déanfar athbhreithniú leanúnach ar na socruithe chun sábháilteacht dóiteáin a chinntiú.

 

Socruithe chun Sábháilteacht ó Dhóiteán a Chinntiú

 

Nósanna Imeachta Éigeandála Aslonnaithe

Is ar bhaill aonair foirne atá an fhreagracht aslonnú sábháilte gach duine atá faoina gcúram, chuig áit shábháilte a ainmníodh roimhe seo.

Nuair a bhuaileann an t-aláram, ba chóir gach duine i láthair a thionlacan go hordúil ag leanúint an bhealaigh éalaithe is gaire agus, más féidir, ba chóir aon fhuinneoga oscailte a dhúnadh. Ba chóir go mbeadh duine amháin i gceannas. Leanfaidh an duine atá freagrach ar chúl ar fad leis an gclár tinrimh. Más féidir, ba chóir na doirse a dhúnadh i ndiaidh don ghrúpa aslonnú. Tá sé tábhachtach go mbeadh an fhoireann eolach ar bhealaí eile éalaithe sa chás go gcuirtear bac ar an bpríomhbhealach.

Ba chóir go mbeadh plean aslonnaithe pearsanta comhaontaithe ag aon bhall foirne faoi mhíchumas a chinnteoidh go gcuirfear cúnamh oiriúnach ar fáil dóibh lena chinntiú go n-aslonnófar iad go sábháilte.

Tiocfaidh an grúpa le chéile ag an áit shábháilte réamhchinnte, is é sin ag an fógra glas ‘Áit  Cruinnithe i gCás Tine’ atá suite os comhair an fhoirgnimh. Agus í bainte amach acu, ba chóir ainmneacha a sheiceáil i gcoinne an chláir tinrimh.

Séaghan Ó Suilleabháin an duine atá freagrach as an mbriogáid dóiteáin a ghairm.

Mar riail ghinearálta, má tá duine ar iarraidh, níor cheart dul isteach arís san fhoirgneamh ach ba cheart eolas a thabhairt don bhriogáid dóiteáin le go bhféadfaidh siad cuardach a dhéanamh. Níor cheart d’aon duine dul isteach san fhoirgneamh arís go dtí go dtabharfaidh an t-oifigeach dóiteáin sinsearach atá i láthair cead sainráite chuige sin.

 

Trealamh Rabhaidh Dóiteáin 

Tá gléasanna rabhaidh dóiteáin san fhoirgneamh atá deartha chun an córas aláraim a ghníomhachtú i gcás dóiteáin. Cloigín nó bonnán a bheidh sa rabhadh dóiteáin, a chloisfear go leanúnach.

Tá glao-chnaipí suite ar fud an fhoirgnimh. I gcás dóiteáin, ba cheart an ghloine a bhriseadh agus buailfidh an t-aláram go huathoibríoch.

 

Trealamh Comhraicthe Dóiteáin

Tá trealamh comhraicthe dóiteáin suite ar fud an áitribh. Tá fearais éagsúla deartha le haghaidh feidhmeanna agus coinníollacha éagsúla; bheadh sé seo curtha san áireamh agus suíomh a roghnú.

Cuirfear oiliúint ar bhaill foirne maidir le trealamh comhraicthe dóiteáin iniompartha a oibriú go sábháilte agus sna feidhmeanna cuí le haghaidh gnéithe áirithe.

Níor cheart aon iarracht a dhéanamh dul i ngleic le dóiteán ach amháin más tine beag é agus nach bhfuil sé ina bhagairt shuntasach d’áititheoirí an fhoirgnimh.

 

Druileanna Aslonnaithe agus Trialacha Trealaimh

Ó am go chéile beidh druileanna ann chun na nósanna imeachta aslonnaithe éigeandála a thástáil, mar aon le tástálacha ar an trealamh aláraim dóiteáin inchloiste.

Dea-chleachtas

Ba cheart do bhaill foirne dea-chleachtais tí a leanúint, lena n-áirítear iad siúd atá liostaithe thíos, ar féidir leo go leor rioscaí dóiteáin a dhíchur nó a laghdú.

  1. Ba cheart foinsí adhainte a rialú. Níor cheart téitheoirí a chlúdach agus níor cheart soicéid leictreacha a rólódáil.
  2. Ba cheart trealamh leictreach iniompartha a sheiceáil go bliantúil.
  3. Níor chóir bruscar a fhágáil ina luí thart.
  4. Ba cheart bealaí éalaithe a choinneáil glan i gcónaí agus gan bac a chur ar dhoirse éalaithe dóiteáin.
  5. Ba chóir bruscar lasmuigh a stóráil i gcónaí i gcompún slán faoi ghlas atá suite amach ón bhfoirgneamh

 

Slándáil sheachtrach

Chun coirloscadh a chosc, tugtar ardtosaíocht do shlándáil sheachtrach.

 

Sínithe: Frainc Mac Cionnaith  –  Dáta: 30/07/202

Le hathbhreithniú: Mí Bealtaine 2027

Roghnaigh do theanga / Choose your language