Site logo

Bainisteoir ceaptha ar Scéim na gCúntóirí Teanga

Tá áthas ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Sara Ní Chuireáin, as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill, ceaptha ina bainisteoir ar Scéim na gCúntóirí Teanga. Scéim atá dírithe ar scoileanna a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga.

Is i mí Feabhra d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go raibh ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige do Ghlór na nGael thar tréimhse dhá bhliain chun an scéim seo a reachtáil.

Tá ceithre bliana caite ag Sara Ní Chuireáin ag obair le Glór na nGael mar Oifigeach Forbartha leis an Rannóg Pobail i gceantar Dhún na nGall, Doire, Tír Eoghain, Fear Mánach agus Liatroma. Ag cur fáilte roimh a ceapachán dúirt Ní Chuireáin go mbeadh sí ag tabhairt faoi Scéim na gCúntóirí Teanga a fhorbairt láithreach.

“Tá mé ag súil go mór le a bheith ag comhoibriú le príomhoidí na scoileanna agus le Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne atá i mbun na scéime sa Ghaeltacht le blianta”

“Tá mo chroí istigh sa bhforbairt pobail Gaeilge agus ag comhoibriú leis na daoine díograiseacha atá sna Clubanna CLG agus na Coistí Pobail, tá mé ag súil go mór anois le bheith ag plé le Scéim na gCúntóirí Teanga, rud a chuirfidh leis an tacaíocht atá muidinne ag cuir ar fáil ar bhonn leanúnach do phobal Gaeilge na tíre seo.” a dúirt sí.

Táthar ag súil leis go mbeidh suas le 27 scoil in ann leas a bhaint as an mbeart seo agus go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil.

Ag déanamh comhghairdeas le Sara Ní Chuireáin dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur cuid eile den phleanáil teanga é seo a cheanglaíonn le scéimeanna eile Ghlór na nGael ar nós Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, Céimeanna, Gradaim Gnó na hÉireann, Teanga Tí agus Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael. 

“Is cinnte gur buntáiste luachmhar a bheidh sa scéim seo do na pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá san áireamh faoin scéim.” a dúirt sé. 

Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóirí teanga i mbun oibre faoi scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist.