Tá Glór na nGael ag lorg éascaitheoir agus iad i mbun próiseas pleanála straitéisí
don tréimhse 2024 – 2028
Tá réimse leathan oibre faoi chúram Ghlór na nGael agus iad ag plé go leanúnach le;
- 100+ coiste pobail Gaeilge agus Gaeltachta
- 1000+ teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge
- 250+ fochumainn CLG cláraithe le scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha
- 250+ comhlachtaí faoin scéim GRADAIM
- 27 scoil lasmuigh den Ghaeltacht faoi Scéim na gCúntóirí Teanga
- Forbairt agus díol earraí trí www.siopaudar.ie
- Taispeántais agus díol áiseanna teagaisc le Veain COGG
Beidh ar an té a roghnófar moltaí a bhailiú ar na hearnálacha thuasluaite trí suirbhé a reáchtáil agus ceardlanna a eagrú le foireann agus Bord Stiúrtha na heagraíochta.
Is i gcomhar le Ceannasaí Ghlór na nGael go n-ullmhófar dréacht phlean le cur faoi bhráid an Bhoird Stiúrtha.
Beidh taithí agus na tréithe seo a leanas ag an té a roghnófar;
- Taithí phraiticiúil ar an bpleanáil teanga
- Tuiscint agus taithí ar earnáil na Gaeilge
- Tuiscint ar obair fhorbartha na Gaeilge sa Ghaeltacht, ó thuaidh agus ó dheas
- Obair den chineál seo curtha i gcrích cheana féin
Samhlaítear go mbeidh suas le 80 uair an chloig i gceist chun an obair seo a thabhairt chun críche.
Iarrtar ar dhaoine/chuideachtaí gur spéis leo tabhairt faoin ról seo, tairiscint a sheoladh chuig Ceannasaí Ghlór na nGael:
lorcan@glornangael.ie roimh 28/09/2023.
Mar chuid d’aon tairiscint beifear ag súil leis na nithe seo a leanas;
- Moladh ar chonas mar a thabharfar faoin obair agus am-chlár tuartha lena gcur i gcrích
- Cur síos ar thaithí agus ar thréithe oiriúnacha an iarrathóra
- Costas measta na hoibre bunaithe ar uasmhéid 80 uair an chloig