Cuireann Glór na nGael fáilte roimh iarratais ar mhiondeontas do thionscnamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal na Gaeilge thar lear.
Caithfidh na gníomhaíochtaí tarlú idir seo agus 30 Meitheamh 2017. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó ghrúpaí nach raibh páirteach roimhe seo i scéim Global Gaeilge, ‘sé sin iontrálaithe nua, chomh maith le grúpaí fad bhunaithe, agus imircigh nua.
Tugann Global Gaeilge tacaíocht do phobail Éireannacha thar lear trí mhaoiniú a thabhairt d’eagraíochtaí agus do thionscadail neamhbhrabúis. Ligeann sin dúinn naisc níos straitéisí a fhorbairt leis na hÉireannaigh ar fud an domhain, agus tacú le tógail cumais na bpobail sin.
Is iad na critéir don deontas:
Caithfidh na hiontrálaithe agus an imeacht a bheith taobh amuigh d’Éirinn;
Is imeacht nó togra trí Ghaeilge amháin a bheidh i gceist. D’fhéadfaí táille teagascóra, cíos do láthair imeachta, campa, dianchúrsa, tumchónaí, bolscaireacht agus riaradh srl a bheith clúdaithe.
Caithfidh an t-iarratas don tarna babhta seo a bheith ag Glór na nGael roimh 7 Aibreán 2017. Ní mheasfar iontrálacha a thagann tar éis don dáta seo. Is scéim teoranta í seo agus d’fhéadfaí nach mbeadh a dhóthain airgid chun iarratais mhaithe a mhaoiniú dá mbeadh an ciste caite roimh sin. Moltar iarratais a chur isteach chomh luath agus is féidir.
Ceadófar maoiniú ar bhonn tosaíochta agus na critéir thuas sásaithe.
Ní ghlacfar le costais taistil ná béiltí, agus ní íocfar deontas d’imeacht atá á mhaoiniú, go hiomlán nó mar chuid de chlár maoinithe eile ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Tradála nó ó rannóg rialtais eile de chuid Rialtas na hÉireann.
Ní ghlacfar le hiarratais ó dhaoine aonaracha: grúpa agus coistí neamhbhrabúis amháin atá incháilithe.
Níl cead maoiniú a úsaid ar mhaithe le:
- Staidéar nó taisteal pearsanta thar lear
- Aisíoc fiacha
- Gníomhaíochtaí páirtí polaitíochta
- Gníomhaíochtaí trachtála
- Coisir/Imeachtaí Nollaig
- Ceannachán tomhaltáin iniompartha leictreonach.
- Ceannacháin duaiseanna
- Costaisí freastal ar imeachtaí Ambasáide nó Consalachta
- Costais ballraíochta
- Costais taistil agus cothbhála d’ealaíontoirí, taibheoirí nó aoíchainteoirí
Tá na deontais seo á sholáthar le cúnamh le ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála trí mhaoiniú an Clár Tacaíochta Eisimearcach.
Is féidir foirm iarratais Global Gaeilge a fháil tríd ríomhphost a chur chuig:
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag
www.glornangael.ie