Ardán 26 le ceiliúradh mór a dhéanamh ar obair phobail na Gaeilge

Beidh scoth na hoibre atá á déanamh ag pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na hÉireann á ceiliúradh ag Glór na nGael ag Ardán 26 in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2026.

Fuarthas breis agus 100 iontráil ó 59 grúpa pobail i gcomórtas na bliana seo, léiriú láidir ar an fhuinneamh, ar an chruthaitheacht agus ar an uaillmhian atá le sonrú i bpobail na Gaeilge ar fud na tíre.

Tá 32 grúpa ar an ngearrliosta, ceithre cinn i ngach ceann de na hocht gcatagóir: An Óige, An Teaghlach, An Ghaeltacht, Oideachas, Tacaíochtaí Pobail agus Folláine, Gnó agus Fiontraíocht, Labhairt na Gaeilge, agus Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta.

Léiríonn na tionscadail réimse iontach leathan oibre, idir sheirbhísí óige agus thacaíochtaí do theaghlaigh, fhiontraíocht shóisialta, oideachas, fholláine, fhéilte pobail, chaomhnú oidhreachta agus thionscadail chomhshaoil. Tá rud amháin i gcoiteann acu uilig: tá siad ag cruthú deiseanna úra, fiúntacha leis an Ghaeilge a úsáid agus ag neartú a bpobal féin.

Cuirfidh na grúpaí atá ar an ngearrliosta a gcuid tionscadal i láthair na moltóirí mar chuid de chomhdháil mholtóireachta spreagúil i rith an lae. Beidh mórócáid bhronnta Ardán ar siúl níos déanaí an tráthnóna céanna.

Tá duaischiste de €83,000 i gceist, agus €20,000 ag dul don bhuaiteoir foriomlán agus €10,000 don dara háit, €3,000 do bhuaiteoir gach catagóire agus trí dhuais thánaisteacha de €1,000 i ngach catagóir. Bronnfar deich nduais speisialta de €500 ar ghrúpaí a léirigh, dar leis na moltóirí, dul chun cinn as cuimse nó a rinne éacht faoi leith le linn na bliana ach nach bhfuair áit ar an ngearrliosta.

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Rannóg Pobal agus Fiontraíochta Ghlór na nGael:

“Is léiriú iontach iad an líon mór iontrálacha agus caighdeán na dtionscadal ar an obair éagsúil agus fiúntach atá ar bun ag pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar an 19 Meán Fómhair, beidh deis againn na héachtaí sin a cheiliúradh, smaointe a roinnt agus aitheantas ceart a thabhairt do na daoine atá ag obair go díograiseach ar son na Gaeilge ina bpobail féin. Tá muid ag súil go mór le lá spreagúil, bríomhar agus ceiliúrtha i nGaillimh.”

Sa chatagóir An Óige, tá ceithre thionscadal a chruthaíonn deiseanna do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid, scileanna a fhorbairt agus a bheith páirteach ina bpobal. Tá Glór Cheatharlach ar an ngearrliosta dá Chlár Samhraidh, ina bhfuil coláiste agus campaí Gaeilge do dhaoine óga. Tá Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt ainmnithe dá campaí cócaireachta trí Ghaeilge do pháistí bunscoile. Tá Glór na Móna ar an ngearrliosta dá sheirbhísí óige trí Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste, Cumann Óige Uachtar Chluanaí agus Sólás na nÓg, agus tá Glór Uachtar Tíre ainmnithe dá chlub óige, ina mbíonn cluichí, ceardlanna, imeachtaí cultúrtha agus turais lae trí Ghaeilge.

Sa chatagóir An Teaghlach, tá ceithre thionscadal a chuidíonn le teaghlaigh an Ghaeilge a thabhairt isteach i saol laethúil na clainne, ón chliabhán ar aghaidh. Cuireann Fís an Phobail tacaíocht agus imeachtaí ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Reáchtálann Tae agus Play grúpa míosúil do thuismitheoirí agus do pháistí faoi bhun cúig bliana d’aois. Cuireann Céim ar Chéim siúlóidí, comhrá agus caife ar fáil do mháithreacha ar saoire mháithreachais, agus reáchtálann Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí grúpa seachtainiúil tuismitheoirí agus tachrán i mBun Abhann Dalla.

Sa chatagóir An Ghaeltacht, tá ceithre thionscadal a chuidíonn le pobal, cultúr, oidhreacht agus úsáid na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a neartú. Foilsíonn Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an nuachtlitir sheachtainiúil Scéal, Scéal, Scéal. Tá Coiste Forbartha Chnoc Fola ar an ngearrliosta dá shiúlóid locha agus dá áiseanna inrochtana don phobal agus do chuairteoirí. Eagraíonn Coiste Féilte Chill Chiaráin féilte a cheiliúrann báid, sean-nósanna agus traidisiúin áitiúla, agus tá Ionad na nImirceach CTR ainmnithe do Buanú na Bunchloiche, tionscadal a chaomhnaíonn scéalta phobal iarthar Chonamara.

Sa chatagóir Oideachas, tá ceithre thionscadal a leathnaíonn deiseanna foghlama agus a thugann daoine ó chúlraí agus aoisghrúpaí éagsúla níos gaire don Ghaeilge. Cuireann Gaeilge Locha Riach ranganna ar fáil ar thrí leibhéal, chomh maith le deiseanna comhrá lasmuigh den seomra ranga. Is é Teanga do Chách, ceardlanna teanga do phobal ilchultúrtha, tionscadal Chill Dara le Gaeilge. Cuireann Cultúrlann Uí Chanáin Coláiste an Phobail agus Céimeanna Comhrá ar fáil do gach leibhéal, agus cuireann Coiste Forbartha Charn Tóchair tacaíochtaí luathbhlianta, oiliúint agus cúrsaí do dhaoine fásta ar fáil.

Sa chatagóir Tacaíochtaí Pobail agus Folláine, tá ceithre thionscadal a thugann daoine le chéile, a laghdaíonn uaigneas agus a chuireann sláinte, cuimsitheacht agus tacaíocht chun cinn trí Ghaeilge. Cuireann Comhar Chuigéal Teo. réimse leathan seirbhísí folláine agus pobail ar fáil i Leitir Mealláin. Reáchtálann Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille gníomhaíochtaí seachtainiúla sláinte agus sóisialta do dhaoine os cionn caoga bliain d’aois. Cuireann tionscadal Phobal Eascarrach, Dúchas na nDaoine, tacaíocht ar fáil do dhaoine a bhfuil fadhbanna andúile acu tríd an dúlra, an gharraíodóireacht agus comhluadar. Tá An Droichead ar an ngearrliosta dá thacaíochtaí cuimsitheacha luathbhlianta do pháistí a bhfuil riachtanais bhreise acu agus dá dteaghlaigh.

Sa chatagóir Gnó agus Fiontraíocht, tá ceithre thionscadal a chuireann an Ghaeilge i gcroílár na trádála, na turasóireachta, na fostaíochta agus na fiontraíochta sóisialta. Is caifé agus mol sóisialta Gaeilge i mBaile Mhuineacháin é An Nead, tionscadal de chuid Mhuineachán le Gaeilge. D’fhorbair BSG An Clochán Liath suíomh gréasáin a chuireann gnólachtaí agus turasóireacht na Rosann chun cinn. Is feachtas é Inis Dom! de chuid An Clár as Gaeilge a thacaíonn le gnólachtaí an Ghaeilge a úsáid. Tá Comhlacht Forbartha Inis Meáin CTR ainmnithe dá thionscadal Teachín Teolaí, sauna pobail a chruthaíonn fostaíocht agus a thacaíonn le folláine agus turasóireacht.

Sa chatagóir Labhairt na Gaeilge, tá ceithre thionscadal a chruthaíonn deiseanna rialta, nádúrtha agus taitneamhacha leis an Ghaeilge a labhairt sa phobal. Tá Gaillimh le Gaeilge ainmnithe d’Fhéile Tonnta, clár mór d’imeachtaí cruthaitheacha, pobail agus teaghlaigh. Reáchtálann Pobal ar a’n Iúl ciorcail chomhrá agus imeachtaí sóisialta Gaeilge ar an Ómaigh. Is féile phobail lán-Ghaeilge ar an Cheathrú Rua í Féile Rua de chuid Phobal Rua. Cuireann Carraig ag Caint clár ciorcal comhrá agus Preab-Ghaeltachtaí ar fáil a thacaíonn le gnólachtaí agus grúpaí áitiúla.

Sa chatagóir Caomhnú Comhshaoil agus Caomhnú Oidhreachta, tá ceithre thionscadal a chosnaíonn an dúlra, cartlanna, ealaíona agus traidisiúin Ghaelacha don chéad ghlúin eile. Tá Gaeláras Mhic Ardghail ar an ngearrliosta dá chartlann uathúil d’ábhar Gaeilge, Ceilteach agus oidhreachta Uladh. Tá Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair ainmnithe dá chuid oibre ar chosaint na pilibíne agus ar athchóiriú an mhachaire i Machaire Gáthlán. Is féile í Sean Nós na Fearsaide de chuid Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain a chuireann ealaíona dúchasacha chun cinn. Tá Ionad Uíbh Eachach ainmnithe do Thearmann Dúlra Uíbh Eachach, spás glas foghlama agus pobail i mBéal Feirste.

Is comórtas náisiúnta de chuid Ghlór na nGael é Ardán a thugann aitheantas don obair chruthaitheach agus luachmhar atá á déanamh ag grúpaí pobail ar son na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Roghnaigh do theanga / Choose your language