Site logo

Ar athló – Imeachtaí náisiúnta agus réigiúnda

D’fhógair Glór na nGael inniu (11 Márta 2020) go bhfuil cinneadh tógtha sraith imeachtaí náisiúnta agus réigiúnda a chur ar athló mar gheall ar rioscaí an Víris Choróna.

Cinneadh an Bronnadh Náisiúnta Duaiseanna (a bhí beartaithe don 17-18 Aibreán i nGaoth Dobhair) a chur siar go dtí níos déanaí sa bhliain.  Roghnófar dáta nua i gcomhair leis an gcoiste eagrúcháin áitiúil.

Cinneadh, chomh maith, imeachtaí eile, ina measc ócáidí teaghlaigh, a chur siar ar feadh tréimhse trí sheachtaine, ar a laghad. Déanfar athmhachnamh ar na himeachtaí sin arís ag deireadh Mí an Mhárta.

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael gur trua leis an cinneadh seo ach gur tógadh é ar leas an phobail agus na foirne.


Eolas: nora@glornangael.ie