Glacadh le rún comhbhróin inniu ag cruinniú Bhoird Stiúrtha Ghlór na nGael le teaghlach agus cairde an Athar Tadhg Furlong a fuair bás ar 27 Samhain 2023. Bhí an tAth. Tadhg mar shagart paróiste sa Cheapach, Co Tiobraid Árann, nuair a fuair sé bás.
Chaith an tAth Furlong níos mó ná 10 mbliana mar Stiúrthóir ar Bhord Stiúrtha Ghlór na nGael.
“Fear lách agus stuama a bhí ann. Bhí sé mar chrann taca ar an mBord Stiúrtha le linn tréimhse dhúshlánach do Ghlór na nGael, nuair a cheapadh í mar cheanneagraíocht náisiúnta i 2014.”, a dúirt Cathaoirleach na heagraíochta an tUas. Pat Carey.
“Bhí an-spéis ag an Ath Furlong sa Ghaeilge agus léirigh sé a thacaíocht i gcónaí do thionscadail a fhorbródh líon na ndaoine a labhródh í. Mar Cheannasaí ar Ghlór na nGael, d’fhéadfaí brath ar a chomhairle agus ar a thacaíocht aon uair go raibh gá leis”, a dúirt Ceannasaí Ghlór, Lorcán Mac Gabhann.
Is boichte muid, mar Ghaeil agus mar phobal Gaelach, gan an tAth Furlong.