B’fhéidir go mbeidh Oireachtas na Samhna 2025 ag bogadh go Béal Feirste ach fanfaidh ár gcuimhní ón Seomra Teaghlaigh ag Oireachtas na Samhna 2024 i gCill Airne linn go deo. Agus ní nach ionadh gurb é draíocht téama na bliana seo.
Bhí Giggles an fear grinn linn thar an dá lá ag cur fáilte roimh na teaghlaigh ar fad. Is cinnte nach féidir é a lua gan trácht a dhéanamh ar a mhadra bheag a bhí ag canadh faoin bhfeirm!
Bhuail ár gcara Julie Anne de Brún isteach gach lá chomh maith agus níl aon dabht ann go raibh gach duine sa seomra faoi gheasa aici idir í ag léamh roinnt scéalta agus ag canadh go draíochtach leis na páistí. Thug sí roinnt uirlisí ceoil amach agus bhí gach duine ag rince léi.
Tháinig Ciarán ó Óga Yoga isteach chugainn ar an Déardaoin lena leabhar ióga nua ‘Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta San Amasóin.’ Leag sé na mataí amach dúinn agus thaispeáin sé na síntí is staidiúire. Agus más rud é nach raibh tú aclaí, is cinnte go raibh draíocht ag baint leis duit.
Ar an Aoine, chualamar faoin leabhar nua Óstán na bhFeithidí ón tSnáthaid Mhór atá scríobhte ag Áine Ní Ghlinn nuair a rinne Áine í féin ceardlann ealaíne leis na páistí fad is a bhí sí ag dul tríd an leabhar. Bhí draíocht sa seomra nuair a shamhlaigh na páistí a bhfeithidí féín ag eitilt.
Ar a bharr sin ar fad, bhí dhá cheardlann ealaíne againn, ceann le Michelle Nic Gabhann ar an Déardaoin, áit go raibh puimcíní á gcruthú is aghaidh fidil á mhaisiú. Rinne Michelle jab iontach agus í ag péinteáil aghaidheanna na bpáistí. Bhí cúpla carachtair draíochtúla le feiscint ina measc.
Chomh maith leis sin, tháinig Niamh Ní Argáin isteach chun ceardlann feilt a chur ar fáil dúinn agus d’oibrigh na teaghlaigh go crua ar phuipéid deasa a chruthú.
Ní fheadfaimid an Seomra Teaghlaigh a phlé gan trácht a dhéanamh ar an Draíocht is Spraoi le Quentin Reynolds. Thosaigh sé amach le seó draíochta is ar aghaidh go seó spraoi le Punch, Judy agus a mhadra Toby! Bhí achan duine idir óg is aosta sna trithí ag gáire ag féachaint air.
Níl aon dabht gur imeacht rathúil a bhí ann.
Gabhaimid buíochas le foireann an tOireachtas, Foireann Óstán Ghleann an Iolair, ár n-áisitheoirí, Marian Ní Chathasaigh a thug cabhair dúinn agus na teaghlaigh ar fad a bhuail isteach chugainn.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó elaine@glornangael.ie
Elaine Dold