Site logo

An Puball Gaeilge, 12 bliain ag Electric Picnic !

Tá An Puball Gaeilge ar ais arís i mbliana chun scoth na siamsaíochta a chur ar fáil do na Gaeil ag an Electric Picnic don 12ú bliain as a chéile. Beidh idir Buíonta Ceoil, Podchraoladh Beo, Ted Talks na Gaeilge, Fuirseoirí, Drámaí, Filí agus eile mar chuid d’imeachtaí an phubaill! 

Clár ar fáil anseo

“Is Electric Picnic príomhfhéile an tsamhraidh in Éirinn agus le comhoibriú i measc grúpaí Gaeilge cuireann An Puball Gaeilge ár dteanga ar an árdán ollmhór bliantúil seo.” a deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Pobail le Glór na nGael. “I mbliana beidh ionchuir sa tionscadal ó Raidió na Life, Raidió Fáilte, Féile na Gealaí, Glór na nGael agus Club Puball G i measc grúpaí eile. Tá muid fíor sásta leis an clár láidir siamsaíochta atá curtha le chéile againn arís i mbliana agus tá muid ag súil go mór anois le tús na féile. Tá ardmholadh tuillte ag Rossa Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe a bhunaigh An Puball Gaeilge 12 bliain ó shin agus a choinnigh ár dteanga ar chlár na féile gach bliain ó shin.” 

I measc siúd a bheidh á gcur faoi bhráid an phobail ag Nasc Na Life oíche Dé hAoine beidh Na Gasúir Gainimh, Niamh Ní Chatháin, Iarfhlaith + Rob, Macnas, Sibéal Ní Chasaide and Na Hot Toddies

Ag Club Puball G oíche Dé Sathairn, beidh Sky Atlas, Rónán Connolly, Na Wapshots, Jahk, Thatchers of the Acropolis agus neart eile nach iad. 

Ag Fáilte na Gealaí Dé Domhnaigh beidh Muireann Ní Bhaoil, Bianco Sparko, Diane Ní Chanainn, Dysania, Liam Ó Maonlaí, Píobairí Gaelacha, Megan Nic Ruaidhrí, agus Abhainn Bheara ina measc.

Beidh an Electric Picnic ar siúl ón Aoine 30 Lúnasa go dtí an Luan 1 Meán Fómhar.

Faigheann An Puball Gaeilge tacaíocht ó Foras na Gaeilge agus ó Glór na nGael.