Tá An Puball Gaeilge ar ais arís i mbliana chun scoth na siamsaíochta a chur ar fáil do na Gaeil ag an Electric Picnic don 11ú bliain as a chéile. Beidh idir Buíonta Ceoil, Podchraoladh Beo, Léiriú Draíochta, Ted Talks na Gaeilge, Fuirseoirí, Drámaí, Filí agus eile mar chuid d’imeachtaí an phubaill!
“Deashampla amach is amach atá sa Puball Gaeilge de chomhoibriú i measc grúpaí Gaeilge chun an teanga a chur i lár an aonaigh ag príomhfhéile na tíre gach samhradh.” a deir Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Pobail le Glór na nGael. “I mbliana beidh ionchuir sa tionscadal ó Raidió na Life, Raidió Fáilte, Glór na nGael agus An Cabaret Craiceáilte i measc grúpaí eile. Tá clár iontach curtha le chéile againn arís agus tá muid ag súil go mór anois le tús na féile. Tréaslaím le Rossa Ó Snodaigh agus a chomhghleacaithe a bhunaigh An Puball Gaeilge 11 bliain ó shin agus a choinnigh ár dteanga ar chlár na féile gach bliain ó shin.”
Astu siúd a bheidh á gcur faoi bhráid an phobail ag Siamsa Raidió Na Life oíche Dé hAoine beidh Cult Called Man, Three Underneath, Oski Bravo, Exiles, Bruadar agus Ullchabháin. Ag an gCabaret Craiceáilte oíche Dé Sathairn, beidh rapadóirí dána Bhéal Feirste agus an buíon is dáinséirí i saol na Gaeilge – Kneecap, agus na ceoltóirí iontacha Shane Hennesy, Thatchers of the Acropolis agus neart eile nach iad. Ag Scléip Raidió Fáilte Dé Domhnaigh beidh Abhainn Bheara, Gráinne Holland, Éiriú, LÁS, agus Na Hot Toddies ina measc.