An-lá go deo ag an gCeardlann Oiliúna do Choistí Pobail eagraithe ag Glór na nGael

Bhailigh coistí pobail ó gach cearn den tír le chéile ar an 2 Nollaig in Áth Luain le haghaidh Ceardlann Oiliúna agus Fóram Gréasánaíochta a d’eagraigh Glór na nGael.

Bhí deis ag ionadaithe ó na coistí atá ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge teacht le chéile le haghaidh seisiún oiliúna agus fóram plé. 

Thosaigh an lá amach le Fóram Plé, áit a raibh deis ag na coistí uasdátú a thabhairt ar an obair atá ar bun acu faoi láthair agus labhairt faoi na pleananna atá acu do 2025 agus aon dúshláin atá rompu. Deis iontach a bhí ann dóibh foghlaim faoin obair iontach atá ar siúl ag coistí. timpeall na tíre agus aithne níos fearr a chur ar a chéile.

Thug Tomás Mac Con Iomaire, iarCheannaire ar Raidió na Gaeltachta, caint ar chúrsaí na meán agus na bealaí is fearr do choistí poiblíocht a dhéanamh ar a gcuid oibre. 

Ansin bhí Niamh Ní Mhóra i láthair ó fhoireann Teanga Tí de chuid Glór na nGael. Rinne Niamh seisiún oiliúna leo siúd a bhí i láthair maidir leis an Clár Spraoi agus conas imeachtaí a reáchtáil do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le chéile. 

Bhí 14 ionadaí i láthair ó 11 choiste, is iad siúd.

  • Gaeil Ruairí Óg agus Gaeil na nGlinntí – Aontroim
  • Gaelphobal Thamhlachta – Baile Átha Cliath
  • Cathair Saidhbhín le Gaeilge – Ciarraí
  • Trá Lí le Gaeilge – Ciarraí
  • Cill Dara le Gaeilge – Cill Dara
  • Gaeilge Nuada – Cill Dara
  • Gael-Taca – Corcaigh
  • Cumann Gaelach Leath Chathail – Dún
  • Conradh na Gaeilge Maigh Eo – Maigh Eo
  • Baile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh – Maigh Eo
  • Muineachán le Gaeilge – Muineachán

Má bhíonn spéis agat freastal ar cheann de na ceardlanna oiliúna amach anseo, déan teagmháil le pobal@glornangael.ie

Roghnaigh do theanga / Choose your language