An Ghaeilge sa Scoilphobal

       Tá scéim dar teideal ‘An Ghaeilge sa Scoilphobal’ seolta ag Glór na nGael a thacóidh le forbairt líonraí de theaghlaigh Ghaeilge i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge. Is é sprioc na scéime ná deis a thabhairt do theaghlaigh sa scoilphobal aithne a chur ar a chéile ag imeachtaí spraoíúil ar bhonn rialta.

      Tá cúraimí ag Glór na nGael fríd an rannóg Theanga Tí chun spreagadh, tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Taobh ar thaobh leis sin, bíonn an eagraíocht ag soláthar seirbhísí tacaíochta do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna lánGhaeilge sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta trí 16 cúntóirí teanga a fhostú. 

     Cruthaíonn an dá chúraim seo sineirge a ba mhaith linn a fhorbairt trí líonraí de teaghlaigh a reáchtáil lasmuigh d’uaireanta scoile agus lasmuigh de gheataí na scoile le linn 2025. Beidh na buntáistí seo a leanas le baint as an fhiontar:

  1. Tabharfaidh sé deis do na páistí an Ghaeilge a úsáid i mbealach nadúrtha lena dteaghlaigh lasmuigh den scoil;
  2. Cruthóidh na himeachtaí deiseanna úsáide a dhaingneoidh an próiseas foghlama a tharlaíonn as scoil; agus 
  3. Spreagfaidh sé tuismitheoirí an Ghaeilge a roghnú mar theanga bhaile.

Iarrfar ar gach líonra rannpháirteach:  

  1. Freastal ar chruinniú le hOifigeach Fhorbartha de chuid Ghlór na nGael
  2. Íosmhéid de chúig ócáid teaghlaigh, trí mheán na Gaeilge, a eagrú i gcaitheamh na scoilbliana do na teaghlaigh a bheidh rannpháirteach
  3. Clár ama do na himeachtaí seo a aontú ag an tús,
  4. Glacadh leis an Chód Iompar ceangailte; agus
  5. Tuairisc a chur ar fáil do Ghlór na nGael ar an chaiteachas a bhaineann leis an scéim.

Is le tacaiocht ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a bhfuil an Scéim Ghaeilge sa Scoilphobal á eagrú.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin scéim ach scéal a chur chuig marcas@glornangael.ie

Roghnaigh do theanga / Choose your language