Osclaíodh Clubtheach nua de chuid CLG Chill Uird i gCorcaigh go hoifigiúil ag ócáid speisialta ar an 16 Bealtaine. Ba mhór an onóir don chlub go raibh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, mar aon le haíonna mór le rá eile, ina dteannta chun an searmanas oscailte oifigiúil a cheiliúradh.
Cuimsíonn CLG Chill Uird, club beag bródúil tuaithe atá suite ó thuaidh ó Mhainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí, Peil, Iomáint, Peil na mBan, Camógaíocht agus Liathróid Láimhe. Ní ar an bpáirc imeartha amháin a bhíonn an club gafa ach oiread. Glacann siad páirt ghníomhach i gcomórtais Scór chomh maith agus tá traidisiún láidir ó thaobh na Gaeilge de sa chlub.
Le deich mbliana anuas, tá muintir Chill Uird ag cur na Gaeilge i lár an aonaigh. Tá bonn airgid bainte amach ag an gclub ó Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha mar aitheantas ar an obair leanúnach atá ar bun acu. Cuireann siad ranganna ar siúl do mhic léinn na hArdteistiméireachta agus tá an Ghaeilge feiceálach timpeall an chlub, agus tuigeann na baill an nasc tábhachtach idir ár dteanga agus ár gcluichí.
Tá deis iontach taptha ag an gclub le forbairt na n-áiseanna nua seo, agus an chomharthaíocht uilig lasmuigh agus laistigh den gclubtheach i nGaeilge amháin. Ní beag an éacht é, agus bhí an Ghaeilge le clos go forleathan ar an lá, ó Úachtarán an CLG, ó bhaill coiste an chlub a rinne óráidí, agus ón bpobal i gcoitinne a bhí i lathair.