Bhí Glór na nGael i lár an aonaigh i mBaile an Chaisil ag deireadh na seachtaine nuair a eagraíodh babhtaí ceannais Mhaigh Eo de Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tá Baile an Chaisil lonnaithe ar chósta thuaidh Mhaigh Eo agus tá a bpáirc peile agus a gclubtheach féin suite in aice leis an cheann scríbe iomáiteach do thurasóirí ag Ceann Dhún Phádraig. Cé nach bhfuil an sráidbhaile féin sa Ghaeltacht oifigiúil, bíonn an club ag freastal ar pharóiste Dhún Fhíne ina bhfuil an sráidbhaile Gaeltachta Béal Deirg. Mar sin, tharraing Ghaeil an chontae ar Pháirc Tom Langan agus iad ag dréim le bheith mar ionadaithe Mhaigh Eo sa chomórtas náisiúnta a bheas ar siúl i gCill Chártha thar dheireadh seachtaine na saoire bainc idir 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh.
Ar an Satharn, imríodh an dá cluiche leathcheannais shóisear i bpeil na bhfear le ceithre club Gaeltachta san iomaíocht. Sa chéad chluiche, d’imir an fhoireann bhaile in aghaidh dara foireann Bhéal an Mhuirthead. Bhí siad gob ar ghob a chéile i rith an chluiche, ach d’éirigh leis na cuairteoirí an lámh in uachtair a fháil sa deireadh le cúilín amháin le dul tríd chuig an bhabhta ceannais sóisear ar an Luan. Bhí turas fada ag CLG Acla agus ag CLG Thuar Mhic Éadaigh go Baile an Chaisil le dul chun páirce sa dara cluiche leathcheannais. Bhí bua ag fir Acla ar Thuar Mhic Éadaigh i sraith Mhaigh Eo cúpla seachtain roimhe agus bhí an cluiche teann go maith agus géariomaíocht eatarthu. Bhí bua le dhá chúilín sa deireadh ag Tuar Mhic Éadaigh, a bhuí le cúpla cúilín iontach a fuair siad ag tarraingt ar dheireadh an chluiche. Ba ar an Luan a imríodh an babhta ceannais agus ní raibh d’fharasbarr ach cúilín amháin agus an lámh in uachtair ag CLG Thuar Mhic Éadaigh le háit a bhaint amach i gcomórtas náisiúnta sóisear na bhfear i gCill Chártha.
Beidh Cill tSéadhna mar ionadaithe do Mhaigh Eo i bpeil na sinsear i mbliana. Ar an drochuair, ní raibh cluiche acu i mbabhta Mhaigh Eo nó bhí ar an dá fhoireann eile tarraingt amach as an chomórtas de bharr gortuithe agus coimitmint eile. Ní raibh Cill Chomáin ná céad fhoireann Bhéal an Mhuirthead in ann imirt ar an Satharn sa chluiche leathcheannais agus cuireadh Cill tSéadhna ar aghaidh mar sheaimpíní Mhaigh Eo. Tá Cill tSéadhna lonnaithe in iarthar an chontae agus freastalaíonn an club ar an cheantar idir Baingear, Gaoth Sáile agus Dumha Thuama.
Beidh slua mór ag taisteal ó Thuar Mhic Éadaigh go Dún na nGall agus corn Mhaigh Eo buaite ag mná an chlub cúpla seachtain ó shin. Bhí bua ag Tuar Mhic Éadaigh ar Bhéal an Mhuirthead sa bhabhta ceannais 2-6 in aghaidh 1-6. Thug coiste Chomórtas Peile na Gaeltachta riail nua isteach i mbliana agus caithfidh gach club a ghlacann páirt sa chomórtas bheith cláraithe leis an scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bhí Maigh Eo an-dílis don riail agus chláraigh gach ceann den 8 club Gaeltachta sa chontae leis an scéim. Tá bonn airgead ag Cill Chomáin faoi láthair as cur chun cinn na Gaeilge sa chlub agus ba bhreá le Glór na nGael tacú leis na clubanna eile aitheantas a bhaint amach as a ndéanann siad féin don teanga.
I nDún na nGall, bhain Gaoth Dobhair corn sinsear na bhfear sa chontae agus bhain Gaeil Fhánada an corn sóisear. Bhain an Tearmann corn sinsear na mban agus d’éirigh le Naomh Columba an corn idirmheánach a bhaint. Beidh mná Chill Chártha mar ionadaithe i gcomórtas sóisear na mban. I nGaillimh, beidh Maigh Cuilinn ag dul chun tosaigh mar bhuaiteoirí sinsear i bpeil na bhfear agus An Fhairche sa pheil shóisear. Beidh Baile Chláir na Gaillimhe, Cumann Naomh Anna i Leitir Mór agus Carna Caiseal ag déanamh ionadaíochta do Ghaillimh i gcoirn na mban i nDún na nGall i ndiaidh na buanna a bhí acu ag deireadh na seachtaine. Beidh Cumann Caide na Gaeltachta agus Lios Póil mar ionadaithe do Chiarraí agus Naomh Abán mar ionadaithe Chorcaí. Beidh Bhulf Tón agus Clann na nGael mar ionadaithe do na fir ó chontae na Mí agus beidh na mná ó Chlann na nGael ann chomh maith.