Aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann faighte ag 160 gnólacht, an líon is mó riamh!

Liosta iomlán buaiteoirí ag an bhun!

I mbliana, bhain 160 gnólacht aitheantas GRADAIM Gnó na hÉireann amach, an líon is mo ó seoladh an scéim i 2021. Bhailigh breis agus 270 ionadaí ón earnáil ghnó le chéile ag ócáid speisialta a d’eagraigh Glór na nGael i bPáirc an Chrócaigh ar an 17 Samhain 2025, chun gnólachtaí a chuireann an Ghaeilge i gcroílár a gcuid oibre nó a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dá gcustaiméirí a cheiliúradh.

Agus é ag labhairt leis an slua dúirt Daithí Ó Sé, aoí na hócáide, gur luach sa bhreis í an Ghaeilge do ghnónna, “Agus mé ag taisteal timpeall na tíre ‘chím comharthaí Gradaim Gnó na hÉireann crochta sna gnónna eagsúil rud a léiríonn an tabhacht atá ag an teanga dóibh sa ghnó”.

Scéim aitheantais is ea GRADAIM Gnó na hÉireann a bhronnann stádas Cré-umha, Airgid nó Óir ar chomhlachtaí bunaithe ar a gcuid éachtaí i gcatagóir amháin, i ndá chatagóir, nó i ngach ceann de na catagóirí seo a leanas: (1) Comharthaíocht, (2) Brandáil agus Margaíocht, agus (3) Seirbhís i nGaeilge. Beidh an phlaic a gheobhaidh siad le feiceáil mar tháscaire soiléir do chustaiméirí ar an leibhéal agus ar an gcineál seirbhíse trí Ghaeilge ar féidir leo a bheith ag súil leis.

De réir bhainisteora na scéime, Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha Fiontraíochta agus Gnó le Glór na nGael, ba ábhar mór áthais dó go raibh breis agus 230 gnólacht cláraithe le GRADAIM i mbliana. “Tuigeann na gnólachtaí seo an ról lárnach atá ag ár dteanga i gcultúr agus i bhféiniúlacht na tíre. Aithníonn siad gur buntáiste iomaíoch uathúil í an Ghaeilge a mheallann custaiméirí, agus tá líon na ngnólachtaí atá ag baint leas as an deis sin ag méadú i gcónaí.

“Ní hamháin gur ceiliúradh ar ár n-oidhreacht chultúrtha atá sa chur chuige seo, ach tá sé ag teacht go smior le dea-chleachtais ghnó freisin.

Bronntar dhá ghradaim Fiontraí Óg le linn searmanas bronnta GRADAIM chomh maith ar bheirt duine/grúpa óg a léiríonn bua don fhiontraíocht le Gaeilge. I mbliana bhain an grúpa ‘Eco-Paws’, Danielle Ní Fhearraigh, Molly Nic Giolla Chomhaill, Fia Nic Giolla Chomhaill and Brianna Ní Fhearraigh, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall an gradam Fiontraí Óg sa rannóg 12-18 agus bhain Aoife Nic Gabhann atá ag cur an Ghaeilge chun tosaigh i McCague’s Bar, An Bhothach, i gCo. Contae Mhuineacháin an gradam sa rannóg 18-21.

“Ba mhaith liom mo chomhghairdeas ó chroí a chur in iúl do na gnólachtaí ar fad a fuair GRADAIM i mbliana agus do na Fiontraithe Óga.” a dúirt Mac Cionnaith.

“Le linn an phróisis mholtóireachta i mí Mheán Fómhair, chonaiceamar an obair luachmhar atá á déanamh ag na comhlachtaí seo ar son na Gaeilge. Is mór an sásamh dom go bhfuil na hiarrachtaí seo á n-aithint ar leibhéal náisiúnta. Is cúis bhróid é líon na ngnólachtaí atá páirteach i mbliana agus is léiriú é ar an gcaighdeán ard seirbhíse trí Ghaeilge atá ar fáil, caighdeán atá ag dul ó neart go neart ó bhliain go bliain.”

Seoladh Gradaim Gnó na hÉireann i 2021 agus tá sé á reáchtáil ag Glór na nGael. Clúdaíonn sé an t-oileán ar fad. Is féidir le gnólachtaí gach eolas a fháil faoin scéim ag an suíomh www.glornangael.ie/gradaim

 

LIOSTA IOMLÁN BUAITEOIRÍ

Buaiteoirí 3 Bonn Óir 2025

An Caifé Gaelach, Coiste Gaeloideachais Chromghlinne, Contae Aontroma
An tÁisaonad, Contae Aontroma
Anam – Caifé na Carraige, Contae Aontroma
Aon Scéal? Café, Contae Bhaile Átha Cliath
Aonach Mhacha, Contae Ard Mhacha
Caifé na Mara, Contae an Dúin
Cape Clear Ferries, Contae Chorcaí
CDP na Rosann, Contae Dhún na nGall
Cooke’s Caife, Contae na Gaillimhe
Crolly Distillery Visitors’ Experience, Contae Dhún na nGall
Dréimire Teoranta, Contae na Gaillimhe
Gnó na nÓg, Contae Aontroma
Léim an tSionnaigh, Contae Thír Eoghain
Linn snámh Chúil Aodha, Contae Chorcaí
Macha Media, Contae Ard Mhacha
Mara Duit, Contae Dhún na nGall
Nós, Contae Aontroma
Oileán I.T., Contae na Gaillimhe
Raidió Fáilte, Contae Aontroma
Siopa Ráth Chairn, Contae na Mí
Snasta Teoranta, Contae Loch Garman
SúilSiar Teoranta, Contae Cheatharlach
Sully & Juno, Contae Loch Garman
The Gaeilge Gúrú, Contae Chiarraí

Buaiteoirí Boinn GRADAIM Gnó na hÉireann 2025

Abbey Leaba agus Bricfeasta, Contae Dhoire
Absolute Organic Wine Limited, Contae Dhoire
Aislann Chill Chartha CTR, Contae Dhún na nGall
An Clachán, Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall
An Crúiscín Lán, Contae Chorcaí
An Gailearaí, Dhún na nGall Contae Dhún na nGall
An Muileann Teo. t/a The Mills Inn, Contae Chorcaí
An Páipéar, Contae na Mí
An Siopa Beag, Contae Chorcaí
An Stiúideo le Tigh Nic Aodhagáin, Contae Chiarraí
Anam Grá, Contae na Gaillimhe
Aoife Dowd Artist, Contae na Gaillimhe
Ballycastle Trad Trail – Turas Cheoil Traidisiúnta Baile an Chaistil, Contae Aontroma
Ballycotton 1851, Contae Chorcaí
Base Dingle, Contae Chiarraí
Bia Loch Lao, Contae Aontroma
Bláthanna Fiáine Wildflower Walks, Contae na Gaillimhe
Bláthú Yoga & Wellbeing/ Bláthú Ióga & Folláine, Contae Ard Mhacha
Bréidín na Bóinne, Contae na Mí
Brian de Staic Teo., Contae Chiarraí
Cadhcáil Chill Chartha, Contae Dhún na nGall
Caifé Cheann Cuain, Contae Dhún na nGall
Caifé Mhacha, Contae Ard Mhacha
Cairde na Cille CIC, Contae Aontroma
Cara Credit Union, An Baile Dubh Contae, Chiarraí
Cara Credit Union, Ceann an Tóchar, Contae Chiarraí
Cara Credit Union, Cill Orglan, Contae Chiarraí
Cara Credit Union, Oileán Ciarraí, Contae Chiarraí
Cara Credit Union, Trá Lí, Contae Chiarraí
Cara na nOileán Teo., Contae Dhún na nGall
Ceantalaí Mhic Giolla Bhríde, Contae Dhún na nGall
Cladaí Dhún na nGall Teo., Contae Dhún na nGall
Clifden Bike Shop, Contae na Gaillimhe
Clinic Cois Abhainn, Contae Chiarraí
Cló Cholmcille, Contae Dhoire
Coimicí Gael, Contae an Chláir
Coláiste UISCE, Contae Mhaigh Eo
Comhar Creidmheasa Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall
Connemara Healing, Contae na Gaillimhe
Crann Beatha, Contae Dhoire
Creggan Enterprises Limited/Ráth Mór, Contae Dhoire
Cronin’s Bar & Cafe, Contae Chorcaí
Crua Earraí Mhic Suibhne, Contae Dhún na nGall
Cuisle Designs, Contae Bhaile Átha Cliath
Custy’s Traditional Music Shop, Contae an Chláir
Deasy’s Careplus Pharmacy, Baile Mhic Íre, Contae Chorcaí
Dingle Benners Hotel, Contae Chiarraí
Dingle Doc, Contae Chiarraí
Dingle Gold Smith A.J. Bácaéir Teo. Gaibhne Óir Chorca Dhuibhne, Contae Chiarraí
Donegal Copper Craft, Contae Dhún na nGall
Draíocht Drop, Contae Phort Láirge
Drioglann Uisce Beatha Dhaingean Uí Chúis, Contae Chiarraí
Drumsheeny Dexter, Contae Mhuineacháin
DUINE, Contae na Gaillimhe
Ealaín Iarthar na hÉireann, Contae na Gaillimhe
Eimear.ie, Contae Cheatharlach
Farhad Ó Néill Sculpture, Contae Aontroma
Finishing Touch Decor/ Maisiú Dlaoi Mhullaigh, Contae Ard Mhacha
Fiona Harrington, Contae Bhaile Átha Cliath
Focail Framed, Contae Mhuineacháin
Folláin Teo., Contae Chorcaí
Foras na bhFocal, Contae na Mí
Friels Bar & Restaurant, Contae Dhoire
Fuiseog, Contae Chill Mhantáin
Glamping Rann na Feirste, Contae Dhún na nGall
Glanmore Foods, Contae Bhaile Átha Cliath
Griangrafadóireacht Inis Oírr, Contae na Gaillimhe
Hubtec – The Cope, An Clochán Liath Contae Dhún na nGall
Iarthar, Contae na Gaillimhe
Jackie Folan Limited, Contae na Gaillimhe
Kelly Hood- Art with a Heart, Contae Chill Mhantáin
Lee Valley Walking, Contae Chorcaí
Lindsay Martin Fenlon, Chartered Physiotherapist Contae Chill Dara
Lon Dú Artisan Bathing Range, Contae Dhún na nGall
Maan Made, Contae na Gaillimhe
Mac Domhnaill Dental, Contae Chiarraí
Man of Aran Crafts Ltd., Contae na Gaillimhe
Mara Beo Teo., Contae Chiarraí
Maratacht Teo., Contae Chorcaí
Mary’s Chipper, Contae Chorcaí
McHugh Accounting & Consultancy, Contae Phort Láirge
Meon Eile, Contae Aontroma
Movies@ Cinemas, Contae Phort Láirge
Neylon’s Pharmacy, Contae na Gaillimhe
Nine Arrow, Contae Bhaile Átha Cliath
No. 9 Market Square, Contae Dhún na nGall
Ó Murchú’s Cill na Martra, Contae Chorcaí
Once Upon a Toy, Contae Chiarraí
Ósta Café & Wine Bar, Contae Shligigh
Óstán Mhic Suibhne, Contae Dhún na nGall
Ostán na Sceilige, Contae Chiarraí
Paddy’s Bike Shop Dingle, Contae Chiarraí
Pádraig Ó Flannabhra, Contae Thiobraid Árann
Prints of Ireland/Priontaí na hÉireann, Baile Átha Cliath
Quentin Reynolds, Contae Bhaile Átha Cliath
Rafferty’s Cúchulainn Bar, Contae Ard Mhacha
Réalt na Maidne T/A. The Arranmore Ferry, Contae Dhún na nGall
Róisín Ridge Fitness, Contae na Gaillimhe
Rúnda Coffee Stop, Contae na Gaillimhe
Sána na Mara, Contae Chorcaí
Sarah Lorraine Ireland, Contae Dhún na nGall
Sásta by the River, Contae Chill Dara
Scéal Eile Books, Contae an Chláir
Scoil Rince Forristal/The Forristal School of Dance, Contae Dhún na nGall
Seán Ó Súilleabháin & Co., Contae Chiarraí
Seán Óg’s, Contae Dhún na nGall
Siopa Ceird Chléire, Contae Chorcaí
Siopa Uí Dhuinnín Day to Day, Contae Chorcaí
Siopa XL Joe Ó Gallchóir, Contae Dhún na nGall
Snáth Dhún na nGall Teoranta/Donegal Yarns, Contae Dhún na nGall
Spar Ollmhargadh Uí Shíthigh, Contae Chiarraí
Spleodar, Contae na Gaillimhe
Spóirt Uisce na Carraige Finne, Contae Dhún na nGall
Spraoi agus Sport, Contae Dhún na nGall
Stáisiún Sheirbhis Bhreathnach Teo., Contae na Gaillimhe
Suil Eile Space, Contae na Gaillimhe
Teach an Cheoil B&B, Contae Aontroma
Teach Danny Minnie, Bialann, Lóistín, Tábhairne, Contae Dhún na nGall
Teach John Joe, Contae Dhún na nGall
Teach Nan Phaidí, Contae na Gaillimhe
Teach Owenie Bán, Contae Dhún na nGall
Teach Phaidí Óig, Contae Dhún na nGall
Teach Thomáis (Siopa Leabhair), Contae Dhún na nGall
The Cope Siopa Grósaera, An Clochán Liath, Contae Dhún na nGall
The Cope Siopa Illrannach, An Clochán Liath, Contae Dhún na nGall
The Cope, An Fál Carrach, Contae Dhún na nGall
The Cope, Anagaire, Contae Dhún na nGall
The Kitchen, Contae Dhún na nGall
The Record Break Café, Contae an Chláir
The Rose and Crown, Contae Aontroma
Tí Mhadáin, Contae Aontroma
Tig na Trá, Contae Chiarraí
Tigh Mhic Thaidhg/McCague’s Bar, Contae Mhuineacháin
Tigh Uí Scanaill, Contae Chorcaí
Tonn na Beatha Dance and Wellness, Contae Dhún na nGall
Wild Sióg, Contae Bhaile Átha Cliath

Roghnaigh do theanga / Choose your language