Agallamh le CLG Ghaoth Dobhair agus CLG Naomh Anna Leitir Móir a bhain Bonn Óir ag oíche bhronnta FSMD 2024

Sa tsraith ghearr seo d’agallaimh caithfidh muid súil siar ar bhronnadh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana agus ar na hagallaimh a rinne an craoltóir Gráinne McElwain leis na clubanna a bhain na boinn óir i mbliana.

Ceithre chlub san iomlán a bhain bonn óir i mbliana agus tosóidh muid an tsraith leis an agallamh a rinne Gráinne le Dónall Ó Cnáimhsí ó CLG Ghaoth Dobhair agus le Evan Ó Gríofa ó CLG Naomh Anna Leitir Móir. Rinneadh na hagallaimh seo beo os comhair lucht féachána ag oíche bhonnta na Fondúireachta i bPáirc an Chrócaigh ar an 29 Samhain 2024. 

 

GRÁINNE MCELWAIN: Tá Bonn Óir buaite ag an dá chlub seo cheana féin agus iad ag aimsiú a dara ceann i mbliana. Tosóidh muid le Cumann Lúthchleas Gael Ghaoth Dobhair. 

GRÁINNE MCELWAIN: Chláraigh CLG Ghaoth Dobhair linn ag tús na Fondúireachta sa bhliain 2017, ó shin fuair siad bonn airgid sa bhliain chéanna agus bonn óir sa bhliain 2018. I mbliana, d’éirigh leo an dara bonn óir a bhaint amach. Suite i nGaeltacht Thír Chonaill, tá CLG Ghaoth Dobhair thar a bheith gníomhach le cúrsaí Gaeilge agus cultúir, bíonn ranganna damhsa sean-nóis, laethanta teaghlaigh agus blitzchomórtais ag dul ar aghaidh acu bliain i ndiaidh bliana. Chomh maith leis sin, bíonn siad ag soláthar Scéim Oiliúna agus Folláine sa chúig bhunscoil áitiúil agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.

A dhaoine uaisle, tabhraigí bualadh bos mór do Dhónall Ó Cnáimhsí . . .  

GRÁINNE MCELWAIN: Tá Cumann Peile Naomh Anna Leitir Móir cláraithe leis an Fhondúireacht ó bhí 2020 ann agus seo an dara huair acu an bonn óir a bhaint amach. Mar chlub Gaeltachta, tá béim ar leith acu ar an teanga, go háirithe do pháistí agus do dhaoine óga atá ag freastal ar scoileanna an cheantair agus eagraíonn siad bliotsanna peile agus cuireann siad podchraoladh le chéile. D’eagraigh siad go leor imeachtaí sóisialta i mbliana do Sheachtain na Gaeilge agus don Oíche Chultúir agus rinne siad obair mhór le fáilte a chur roimh mhuintir na hÚcráine atá lonnaithe ina gceantar. 

Cuirfidh muid fáilte mar sin roimh Evan Ó Gríofa . . . 

GRÁINNE MCELWAIN: Comhghairdeas mór, an dara bonn óir, rud a mhothaímse más as an Ghaeltacht thú, bíonn brú breise ann ó thaobh boinn óir de nó an scéal mór a bheidh ar TG4 agus Raidió na Gaeltachta cad chuige nach bhfuair na clubanna Gaeilge an bonn óir seo. A Dhónaill, ar mhothaigh tusa an brú chun an bonn óir a aimsiú an uair seo?

DÓNALL Ó CNÁIMSÍ: Rinneadh mise a ainmniú mar Oifigeach Gaeilge agus Cultúir anuraidh sa chlub agus bhí go leor oibre déanta ag an choiste a bhí ann in 2019 nuair a baineadh an bonn óir ag an am sin, lean mé ar aghaidh leis an obair sin go bunúsach. Tá sé beagnach céad bliain ó bunaíodh CLG Ghaoth Dobhair agus ó thús bhí an Ghaeilge lárnach sa chlub, bhí polasaí láidir Gaeilge againn i gcónaí agus, an rud sin ná, ní hamháin gur cumann spóirt an CLG ach go bhfuil an cultúr agus tionchar á imirt ar an phobal ó thaobh an chultúir de, fosta, iontach tábhachtach dúinn agus bhí sin i gcónaí láidir sa chlub. Agus tá an spiorad sin i gcónaí againne sa chlub agus direach leanúint ar aghaidh leis na daoine a chuaigh romhainn i ndáiríre. Agus tuigfidh na hOifigigh Ghaeilge agus Chultúrtha, go minic gur sin an gné deireanach ar chlár na gcruinnithe agus bíonn daoine ag éalú amach an doras nuair a thosaíonn siad an plé cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí Gaeilge ach tá an t-ádh orainn gur Pól Ó Gallachóir, Pól Johnny Sheáin atá ina chathaoirleach againn anuraidh agus anois i mbliana agus bíonn cúrsaí Gaeilge agus cultúrtha i gcónaí lárnach sna cruinnithe le Pól. Agus measaim go bhfuil sin tábhachtach go gcaithfidh na hOifigigh a bheith níos láidre agus a dhéanamh cinnte go mbeidh na míreanna sin ar chlár na gcruinnithe i gcónaí agus ba mhaith liom tréaslú le Glór na nGael agus le Jamie agus an CLG as an Fhondúireacht. Agus cuimhneoidh muid fosta ar Sheosamh Mac Donncha, fear mór na Gaeilge agus an CLG chomh maith, agus an dá rud a nascadh le chéile. Agus tá sé speisialta go bhfuil deis ag na cumainn uilig go léir a bheith páirteach i scéim mar seo. Tá sé leagtha amach go maith, na céimeanna áirithe atá le baint, agus fiú amháin na clubanna Gaeltachta, tá sé dúshlánach, tá rudaí le déanamh againn, tá gníomhaíochtaí le déanamh. Tá 70 gníomh mar sin ag na clubanna Gaeltachta fosta agus tá obair le déanamh le é a bhaint amach.

GRÁINNE MCELWAIN: Ar mhothaigh tusa sin a Evan chomh maith? B’fhéidir, inis dúinn an rud a rinne Naomh Anna Leitir Móir i mbliana chun an bonn óir a bhaint amach?

EVAN Ó GRÍOFA: Ní bhíonn tada faoi sin éasca cé gur cumann Gaeltachta muid agus bíonn muid ag caint Gaeilge chuile lá, ní chiallaíonn sin, is dócha, go mbíonn muid i dteideal duais mar seo a fháil thar aon chumann, b’fhéidir a bheadh ag obair sa nGalltacht ná tada mar é. Is dócha an brú is mó a bhí orm ná go raibh obair mhór déanta ag an oifigeach Gaeilge a tháinig romhaim, bhí an t-ádh orm gur thóg mé suas an ról sin mar Oifigeach Gaeilge trí bliana ó shin agus bhí, is dócha bunús maith curtha ar rudaí againn faoi imeachtaí Gaeilge a eagrú, daoine a tharraingt isteach, agus an cumann atá againn, cumann péile Naomh Anna, tá sé lonnaithe i gceantar na n-oileán agus tá muid lárnach in eagrú imeachtaí ar fud an cheantair, taobh amuigh d’imeachtaí peile. Agus tá muid thar a bheith bródúil as sin agus tugann an fhondúireacht seo go leor cúnaimh dúinn imeachtaí a chur ar fáil ó thaobh cúrsaí airgid de. Tugann sí spreagadh dúinn na himeachtaí seo a eagrú, más sin a bheith ag eagrú imeachtaí imirt cartaí, bhí oíche damhsa seit againn ar an oíche chultúir i mbliana, ag eagrú ciorcal comhrá, rinne muid é sin i mbliana le cúpla teaghlach nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu nó nach gurb í Gaeilge an chéad teanga atá acu. Bhí ciorcal comhrá acu sa seastán ag cabhair thraenála agus tá muid thar a bheith bródúil go bhfuil bonn óir againn ag dul abhaile anocht, tá an cumann ag ceiliúradh seasca bliain i mbliana agus cuireann sé seo barr air. 

GRÁINNE MCELWAIN: Ceist amháin eile. Tá go leor daoine sa seomra seo, go leor daoine a bhuaigh bonn cré-umha inniu, agus tá siad ag amharc agus a rá ba mhaith linn dul an chéim sin chomh fada leis an bhonn óir, rinne tú podchraoladh sa cheantar chomh maith, inis dúinn faoi sin, agus b’fhéidir do chomhairle do dhaoine chun leanúint ar aghaidh ar an turas seo.

EVAN Ó GRÍOFA: Bíonn muide ag obair go dlúth le scoileanna náisiúnta, d’eagraigh muid blitzchomórtas leosan i mbliana  agus freisin bhí clár ann, Ceannairí an Todhchaí agus rinne muid nasc le scoil chuimsitheach Chiaráin sa gcás seo agus rinne muid podchraoladh leothu. Tá an t-ádh orainn faoi láthair is é Ciarán Ó Fatharta, cathaoirleach cumainn agus iar-eagraí stiúrtha nuachta le RTÉ Raidió na Gaeilge, é sin freisin. Chuaigh muid i gcomhpháirtíocht le Scoil Chuimsitheach Chiaráin, le scolairí na hidirbhliana agus chuir muid podchraoltai le chéile agus bhain na scolairí an-taitneamh as. Bhí mo dheirfiúr féin páirteach i gceann acu sin agus cé nach raibh siad ag deileáil le scéalta móra an domhain, tá a fhios agam go raibh siad ag caint faoi cén chaoi a mbíonn na múinteoirí gléasta nó cén chúlchaint a bhíonn idir na scolairí agus rudaí mar sin, ach bhí an-chraic agus bhain siad an-sult as. Agus tá mé ag ceapadh go dtug sin léagas dóibh freisin go bhfuil níos mó bainteach leis an Chumann Lúthchleas Gael ná peil amháin, go bhfuil an Ghaeilge lárnach ann agus go mór mór mar chumann Gaeltachta go gcuireann muid go leor leor ar fáil. 

GRÁINNE MCELWAIN: Iontach agus a Dhónaill, comhairle a bheidh agat do dhaoine sa seomra seo

DÓNALL Ó CNÁIMHSÍ: Bhuel mar an gcéanna, na nascanna sin a chruthú sa phobal, níos leithne ná an cumann féin agus d’éirigh le CLG Ghaoth Dobhair go háirithe sin a dhéanamh le blianta anuas, nascadh le rudaí eile a bhí ag gabháil ar aghaidh sa phobal. Tá an scéim oiliúna agus folláine mar a luaigh tú ansin, scéim iontach í sin, an áit a bhfuil coitseáilithe ón chlub ag cur spóirt ar fáil sna scoileanna áitiúla agus nascann sé, an nasc leis na scoileanna agus an club,  agus arís na páistí a mhealladh isteach i mbun spóirt ag aois an-óg, rudaí mar sin. Na podchraoltaí chomh maith, agus rinne muid roinnt agallamh roimh na cluichí leis na himreoirí chomh maith, agus na himreoirí áirithe le foireann na mban. Tá chor a bheith céad imreoir sinsir ag Gaoth Dobhair i mbliana idir an fhoireann sinsir, tacaíochta, agus foireann na mban, agus chuaigh go leor acu faoi agallamh le linn an tsamhraidh agus iad ag cur síos ar na cluichí agus mar sin de. Agus arís a gcuid tuairimí a thabhairt faoi na cluichí agus le taispeáint go bhfuil meas agus bród acu gurbh as Gaoth Dobhair iad agus go bhfuil an Ghaeilge beo beathach ansin.

Ba mhaith liom tréaslú leis na hoifigigh uilig go léir atá anseo, ní minic a fhaigheann muidinne aitheantas, na hoifigigh Ghaeilge, go díreach, na foirne. Agus tá sin ceart go bhfaigheann na foirne aitheantas agus na himreoirí, ach measaim go bhfuil an Fhondúireacht speisialta, mar go dtugann seo aitheantas speisialta do na hoifigigh Ghaeilge agus go bhfuil sé uilig tuilte againn as an obair atá ar siúl againn. 

 

NA CHÉAD AGALLAMH EILE SA tSRAITH

Sa bhliain úr leanfaidh muid leis an tsraith seo d’agallaimh ó bhronnadh na Fondúireachta agus beidh fáil ag an phobal ar an agallamh a rinne Gráinne McElwain leis na clubanna Cumann Peile Chill na Martra, contae Chorcaí, agus CLG Baile Buadáin Naomh Éanna, Co. Átha Cliath.

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar maith le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie.

Roghnaigh do theanga / Choose your language