Site logo

Ag Spreagadh Páistí leis an Ghaeilge a Labhairt

Tá Béarla thart timpeall orainn gach áit agus in amanna bíonn sé deacáir ár bpáistí a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt. Seo thíos roinnt leideanna a chuideoidh leat.

 

Teagmháil leis an Ghaeilge

Nuair atá leisc ar pháiste an mionteanga a labhairt (an Ghaeilge inár gcás in Éirinn) agus má sé nó sí ag brath ar an mhórtheanga (Béarla), baineann seo le dhá rud de gnáth: teagmháil leis an teanga agus an riachtanas lena labhairt.

Ní mór go mbeidh go leor taithí ag an pháiste leis an mhionteanga agus an riachtanas ann í a úsáid. Más féidir an dá rud seo a chur ar fáil don pháiste ag aois óg, is féidir réiteach a fháil ar an fhadhb sula dtiocfaidh an fhadhb chun cinn.

 

Bí Dianseasmhach

Má tá sé an-tábhachtach duit go mbeidh do chlann dátheanagach, ní mór tabhairt faoin Ghaeilge a labhairt sa bhaile agus gach áit eile taobh amuigh den bhaile. Caithfidh an Ghaeilge bheith ag croílár gach rud a dhéanann sibh mar chlann agus mar chuid de bhur saol. Gan an tiomántas seo, gheobhaidh an Béarla an lámh in uachtar.

 

Bunchlocha
Tá sé an-tábhachtach na bunchlocha a leagan agus aird a thabhairt ar na mionrudaí. Cruthaigh timpeallacht Ghaeilge sa teach. Is gá duit smaoineamh go géar ar nithe ar nós d’áit chónaithe, cumas Gaeilge i do chlann (do chéile, seantuismitheoirí/aintíní srl), soláthar gaeloideachais agus deiseanna labhartha i do cheantar. Má tá constaicí i gceist le ceann ar bith acu seo, is gá aontú ar réiteach le do chéile.