Tá Lorcán Mac Gabhann fostaithe mar Cheannasaí ar Ghlór na nGael ón mbliain 2001. Roimhe sin, chaith sé tréimhse fada le Foras na Gaeilge/Bord na Gaeilge i Rannóg na gCuntas agus sa Rannóg Forbartha Phobail. Trémhsí caite aige mar Chathaoirleach ar Ghaelscoil Thaobh na Coille, mar Chathaoirleach ar Ghaelcholáiste an Phiarsaigh, mar Chathaoirleach ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste agus mar Chathaoirleach ar an bpatrún scoile An Foras Patrúnachta.
Cainteoir Gaeilge ó dhúchas a rugadh agus a tógadh i Ros Muc, Conamara, fuair Nóra Welby bunoideachas i Ros Muc agus meanscolaíocht i scoil chónaithe Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal agus i Scoil Phobal Charna. Tar éis cúrsa i Riaracháin Oifige agus Eagraíochta agus Forbairt Pobail i mBaile Átha Cliath, d’oibrigh sí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tá blianta fada caite aici le Glór na nGael agus tá taithí agus eolas leathan aici ar obair phobail ar fud na tíre. Is ball í de Choiste Clár na Leabhar Gaeilge.
Is as Doire d’Eoghan Mac Cormaic, ach tá cónaí air i nGaillimh lena bhean chéile agus a gceathrar páistí. Tá Eoghan ag obair le Glór na nGael ó 2005 agus roimhe sin chaith sé cúig bliana fostaithe le Gaeilge Locha Riach. Ceapadh Eoghan ar Bhord Fhoras na Gaeilge i 2006 agus mar LeasChathaoirleach ó 2007. Bíonn sé gníomhach ag cruthú cluichí boird agus díslí as Gaeilge ina shaol oibre, agus a shaol phearsanta chun cuidiú le háiseanna oideachais agus sóisialta a fhorbairt do phobal na Gaeilge.
Is as Dún Pádraig, Co. an Dúin, do Mharcas Mac Ruairí agus b’iriseoireacht a chéad ghairm. Is bainisteoir forbartha é anois le Glór na nGael i nDún Garbhán. Tá blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí Gaeilge. Chuidigh sé le bunscoil a bhunú i nDún Phádraig. Tá ceithre leabhar staire scríofa aige agus staidéar saineolach déanta aige ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Tá MA aige sa Ghaeilge Nua agus Dioplóma sa Phleanáil Teanga.
Is Bainisteoir Forbartha é Frainc Mac Cionnaith sa Rannóg 'Forbairt Pobail' agus tá an obair leis na coistí pobail agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha faoina chúram. Is as Caisleán Uidhilín i gCo. an Dúin ó dhúchas dó agus tá cónaí air anois i bparóiste Chill Chua sa chontae sin. Tá céim aige sa Léann Éireannach ó Ollscoil Uladh. Bhí sé ina Bhainisteoir Imeachtaí & Margaíochta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar feadh seacht mbliana.
Is as Ráth Chairn, Co. na Mí d'Úna Ní Chonaire. Tá Úna ag obair leis an Rannóg Pobail, ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail chomh maith le clubanna CLG.
Is Eoghanach í Sinéad Ní Mhearnóg as an Caisleán Glas i lár Sléibhte Mhuintir Luinigh. Tá Céim Bhaitsiléara aici i nGaeilge agus Spáinnis ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Céim Mháistir i bPleanáil Teanga. D’oibrigh sí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá taithí leathan aici ar chúrsaí óige agus tá sí bainteach le grúpaí forbartha pobail áitiúla ina ceantar.
Is as Gleann Cholm Cille i nGaeltacht Iardheisceart Co. Dhún na nGall do Chaitríona Nic Seoin. Tá Céim Bhaitsiléara i nGaeilge & Dlí aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Céim Mháistir i bPleanáil Teanga. Bhí sí cúig bliana mar Oifigeach Forbartha Teanga le Lár Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille agus dhá bhliain le Foras na Gaeilge i nGaoth Dobhair sula thosaigh sí le Glór na nGael. Mar Oifigeach Caidrimh Poiblí & Oifigeach Gaeilge le CLG Naomh Columba ar feadh seacht mbliana, bhí sí lárnach in eagrú Comórtas Peile na Gaeltachta 2008. Craolann sí fógraí óna ceantar dúchais do Camchuairt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Cabríní de Barra ina cónaí i nDún Garbhán, Co. Phort Lairge. Tá Dioplóma aici in Obair Shóisialta & Dioplóma Ard-Oideachais i Staideár Sóisialta Feidhmeach ó Ollscoil Huddersfield. Ba thimire í le Coláiste na bhFiann fadó agus tá taithí aici mar bhainisteoir seirbhísí do dhaoine le míchumas i Sasana agus in Éirinn. Ba leas-bhainisteoir í ar Chlár Kosovar na hÉireann agus bhí sí mar bhainisteoir Teanga & Forbartha do Ghaeltacht na nDéise ó 2008-2012. Tá iníon agus mac aici.
Tógadh Dara Ó Baoill i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe. Tá Dara ag obair mar Oifigeach Cumarsáide agus Acmhainní Daonna.
Rugadh agus tógadh Áinín Uí Chaiside sa Ghráinseach Mhór i gCo. Ard Mhacha. D’fhreastal sí ar Mheánscoil Phádraig ar an Chéide. Tá Céim Bhaitsiléara agus Céim Mháistir aici sa Ghaeilge agus sa Léann Ceilteach ó Ollscoil na Ríona agus PGCE ó Coláiste Mhuire, Béal Feirste. Bhí sí cúig bliana mar múinteoir Gaeilge meánscoile agus seal mar Oifigeach Forbartha sa Roinn Cultúr, Ealaín agus Fóillíochta ó thuaidh. Is spéis lei leitheoireacht, ranganna aclaíochta trí Ghaeilge agus siúl sléibhe.
Donach Ó Lonargáin is the co-ordinator of the COGG Van. This is a library of books and articles in the Irish language for schools, funded by COGG and the van is available for school visits to give teachers an opportunity to view the latest teaching aids and the best available for the teaching of Irish.
Tá Seán de Paor ag obair leis an Rannóg Pobail ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail chomh maith le clubanna CLG. Tá Seán ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael i gceantar Bhaile Átha Cliath agus Chill Dara.
Is as ceantar Iorras Aithneach i gConamara é Seán Ó Cuirrín. Is ag múinteoireacht a chaith sé formhór a shaol oibre, ag teagasc tír eolais agus corp oideachas. Tá an-suim i gcúrsaí spóirt aige, go háirithe sna cluichí Gaelacha ó thosaigh sé ag imirt do Chárna/Caiseal ag aois óg. Is cainteoir dúchais é agus tá an-chion agus suim aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is é an tOifigeach Forbartha i gceantar Mhaigh Eo agus Gaillimh.
Tá Pádraig Ó Neachtain ag obair leis an Rannóg Pobail agus leis an Rannóg Teaghlaigh, ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail, clubanna CLG chomh maith le solathar Ghlór na nGael do theaghlaigh Gaeilge. Tá Pádraig ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael i gCiarraí, Luimneach agus Co. an Chláir.
Tá Liam de Lása ag obair leis an Rannóg Pobail agus leis an Rannóg Teaghlaigh, ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail, clubanna CLG chomh maith le solathar Ghlór na nGael do theaghlaigh Gaeilge. Tá Liam ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael i gCill Chainnigh, Tiobraid Árann, Laois agus Uibh Fhailí.
Is as ceantar Ghaoth Dobhair í Sara Ní Chuireáin. Is í an tOifigeach Forbartha i gceantar Dhoire, an Dúin, Ard Mhacha agus Fearmanach.
Is as Teach na Giúise i mBaile Átha Cliath do Mhícheál Ó Nualláin. Is Oifigeach Forbartha anois é le Glór na nGael do Bhaile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Cill Dara.
I ndiaidh dó céim BA i nGnó agus Gaeilge a bhaint amach i bhFiontar, Ollscoil Chathair Átha Cliath, chaith sé roinnt mhaith blianta san earnáil teileachumarsáide agus ansin, san earnáil bhainistíocht saoráide.
Sular tháinig sé go Glór na nGael, bhí sé gníomhach le Gaeilge sa phríomhchathair agus é mar bhall de bhord bainistíochta dá bhunscoil agus dá mheánscoil áitúil. Bhí sé freisin mar cheann de na chéad bhaill den chumann CLG lánghaelach, Na Gaeil Óga.
Tá an-dúil aige sa spórt, go háirithe sa pheil Ghaelach. Is imreoir agus bainisteoir ar fhoireann na bhfear de chuid na nGael Óg é agus cabhraíonn sé mar thraenálaí san acadamh freisin.
Bhain sé Máistreacht Eolaíochta i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais amach