Is é tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge an fócas a bhíonn ag an rannóg Theanga Tí de chuid Ghlór na nGael.
Cuimsíonn obair na rannóige eagrú imeachtaí chun na teaghlaigh a thabhairt le chéile agus líonraí a chruthú, is é sin cruthú pobal de theaghlaigh Ghaeilge.
Bíonn forbairt acmhainní tacaíochta idir láimhe againn chomh maith agus tá stóras leathan ar fáil le híoslódáil anois ar ár suíomh gréasáin www.glornangael.ie nó ar fáil le ceannach fríd ár siopa ar líne, www.siopaudar.ie
Sa mhullach ar na líonraí agus acmhainní thuas luaite, bíonn Glór na Gael ag déanamh abhcóideacht ar son na dteaghlach.
Thar na blianta, d’eagraigh Teanga Tí go leor fóram chun tuismitheoirí a thabhairt le chéile agus plé oscailte a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge i saol a bhíonn de shíor ag brú an Béarla orainn.
Tagann chun solais ag na fóraim sin gurb é an deacracht teacht ar sheirbhísí as Gaeilge an rud is mó a thagann idir tuismitheoirí agus eispéireas ceart Gaeilge a thabhairt dá gclanna.
Bíonn teacht ar sheirbhísí sláinte ina dhúshlán ar leith agus ní rud ait go mbíonn oibrithe aineolacha sláinte ag moladh do thuismitheoirí gan Gaeilge a labhairt leis na páistí, go gcuireann a leithéid bac ar fhorbairt an pháiste.
Ar ndóigh, níl aon bhunús leis an chomhairle sin nach léiríonn idir aineolas agus réamhchlaonadh duine an droch-chomhairle.
Bíonn deis ag Teanga Tí bualadh le polaiteoirí chun dúshláin agus riachtanais na dteaghlach a chur ina láthair. Tarlaíonn sé in amanna go mbíonn deis againn tacaíocht a léiriú do theaghlaigh aonaracha a bhfuil riachtanas ar leith ann.
Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar marcas@glornangael.ie.
Marcas Mac Ruairí