Site logo

A chéad chruinniú ag Bord Stiúrtha nua Ghlór na nGael

Bhí a chéad chruinniú ag Bord Stiúrtha nua Ghlór na nGael inniu 3 Feabhra 2023 i bPáirc an Chrócaigh. Chuir Cathaoirleach an Bhoird, Pat Carey, fáilte ar leith roimh an seisear stiúrthóirí nuacheaptha: Mamie Ní Chualáin, Indreabhán, Co. na Gaillimhe; Fionnuala Nic Thom, Béal Feirste; Domhnall Ó Loingsigh, Inis, Co. an Chláir; John Downing, Droichead Nua, Co. Chill Dara;  Darren Ó Rodaigh, Bré, Co. Chill Mhantáin; Donncha Ó hÉallaithe, Indreabhán, Co. na Gaillimhe; agus Caitlín Mhic Naois, Cill Chua, Co. an Dúin. Is iad na baill eile ar an mbord ná:  Mairéad Ní Cheallaigh (Leas-Chathaoirleach), Ráth Chairn, Co. na Mí; Niamh de Búrca, Baile Thuama, Co. na Gaillimhe; Damian Ó Néill, Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain; Dónall Ó Cnáimhsí, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

“Tá sé tábhachtach d’eagraíocht ar nós Glór na nGael go bhfuil daoine le saineolas acu ar réimse ábhar ar an mbord, ar nós airgeadais agus dlí ach freisin tuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge, daoine atá bainteach le forbairt pobail agus daoine ó chúlra fiontraíochta.” a dúirt an Cathaoirleach. Ghabh sé buíochas freisin leo siúd a d’éirigh as oifig le bliain anuas, ina measc: An tAth Seámus Ó hÉanaigh, Co. na hIarmhí; Colm MagUiginn, Béal Feirste; An Dr Máire Ní Chíosáin, Baile Átha Cliath.

Chuir LeasCheannasaí agus Bainisteoir For-rochtana Ghlór na nGael, Eoghan Mac Cormaic, in iúl don Bhord go bhfuil sé ag ag dul ar scor ag deireadh mí Aibreán. Ag labhairt dó thar ceann an Bhoird, ghuigh Pat Carey gach rath air don todhchaí. “Is mar Oifigeach Forbartha a thosaigh Eoghan ag obair le Glór na nGael sa bhliain 2005” a dúirt sé. “Níl aon amhras ná go bhfuil a lorg fágtha aige ar choistí agus ar ghrúpaí Pobail ó cheann ceann na tíre trí an obair fhiúntach agus an infheistíocht a rinne sé ar son Ghlór na nGael agus i saol na Gaeilge go ginearálta.”

Thogh an Bord Stiúrtha Buanchoiste ar a bhfuil Pat Carey, Mairéad Ní Cheallaigh, Niamh de Búrca agus Fionnuala Nic Thom.

Cuireadh in iúl don Bhord gur duaischiste de luach €80,000 atá le bronnadh ar bhuaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael. Fógrófar buaiteoirí rannóga éagsúil an chomórtas agus buaiteoirí na nduaiseanna speisialta ar chlár speisialta de chuid Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mí Feabhra. Beidh an ócáid bhronnta ar siúl in gcathair Ard Mhacha ar an Satharn 15 Aibreán seo chugainn.