Site logo

60Glór – Saothar ealaíne – Cuireadh d’ealaíontóirí

DÚNTA

Tá áthas orainn fógairt inniu go bhfuil síneadh ama 14 lá curtha leis an tréimhse d’ealaíontóirí aighneacht a dhéanamh le saothar comórtha ealaíne a chruthú do Ghlór na nGael, atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana. Glacfar le haighneachtaí anois go dtí an 7ú Feabhra 2021 agus tá tuilleadh eolais ar fáil ar www.glornangael.ie

Tugann Glór na nGael cuireadh d’ealaíontóirí aighneacht a chur chugainn roimh Dhéardaoin 24 Eanáir 7 Feabhra 2021 le saothar ealaíne a sholáthar do Ghlór na nGael ag comóradh 60 bliain ó bhunú an eagrais.

 

  1. Cuspóir an phíosa ealaíne:

Saothar neamhspleách, déthoiseach nó tríthoiseach, a suífear lasmuigh d’ardoifig Ghlór na nGael i Ráth Chairn, Co na Mí. Míneoidh an saothar 60 bliain d’obair fhorbartha i measc pobal na Gaeilge ar fud na hÉireann. Ainmneoidh an saothar na buaiteoirí náisiúnta ó 1961 ar aghaidh.

 

  1. Ní mór d’ealaíontóirí na gnéithe seo a leanas a thabhairt san áireamh ina n-aighneachtaí:

– An coincheap: 60 bliain. Obair fhorbartha pobail. An Ghaeilge

– Buaine: Ní mór go mbeidh an saothar téagar agus buan (ach inbhogtha más gá amach anseo)

– Buiséad: uasmhéid €10,000

– Amlíne:

Spriocdháta d’aighneachtaí:      DÚNTA

Spriocdháta roghnaithe: 28 Eanáir

Spriocdháta críochnaithe: 30 Meán Fómhair 2021

 

  1. Cuir san áireamh in aon aighneachtaí:
  • Ráiteas gairid (300 focal uasmhéid) ag léiriú conas a fhreagróidh an saothar seo le
    ‘cuspóir an phíosa ealaíne’
  • Cur síos ar an saothar ealaíne. Ní gá íomhá fisiciúil a sholáthar ag an am seo ach cuirfear fáilte roimh dhearadh simplí, imlíne, clár giúmair nó eile ag léiriú suíomh fíorúil an tsaothair ar shuíomh Ráth Chairn. (Féach íomhá d’oifig Ghlór na nGael thíos)
  • Briseadh síos ar chaiteachais an bhuiséid (táillí, ábhar, árachas, táillí eile)
  • 3 shampla/grianghraif de choimisiúin eile atá críochnaithe ag an ealaíontóir
  • CV ag léiriú fianaise de cháilíochtaí nó gradaim aitheantais nó d’obair eile críochnaithe an ealaíontóir. (Nascanna go suíomh idirlíne san aireamh)

 

  1. Is ar cinneadh Bord Stiúrtha Ghlór na nGael a roghnófar an buaiteoir.   Ní bheidh aon dul thar an cinneadh sin

 

  1. Is i bhfoirm leictreonach amháin a ghlacfar le haighneachtaí:    saothar@glornangael.ie

 

Lorcán Mac Gabhann

Ceannasaí