Site logo

48 bonn ‘Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha’ le bronnadh ar chlubanna CLG

Tá 48 bonn ‘Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha’ á mbronnadh ar chlubanna CLG as a gcuid saothar ar son na Gaeilge an tseachtain seo. 

33 bonn cré-umha, 12 bonn airgid mar aon le 3 bhonn óir atá le bronnadh ar chlubanna ó fud fad oileán na hÉireann. I dteachtaireacht ó Sheán Ó hÓráin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, rinne sé comhghairdeas leis na clubanna ar fad ar éirigh leo boinn a bhaint amach sa bhliain thar a bheith aisteach seo.

“Tá éacht mhór déanta acu uile an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid clubanna. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh ach go háirithe leis na trí chlub ar éirigh leo an bonn óir a bhaint amach. Cumann Naomh Anna, Leitir Móir, Cumann Micheál Breathnach, Indreabhán, agus CLG Naomh Éanna, Gleann Ghormlaithe. Tá ról fíorthábhachtach ag an nGaeilge i gCumann Lúthchleas Gael agus molaim go mór a gcuid oibre agus an dea-shampla atá leagtha síos acu.”

Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ghlac 196 club páirt sa cheathrú bliain don scéim seo i 2020, méadú 45% ar 2019.  “Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil líon na gclubanna atá páirteach ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana agus go bhfuil siad chomh tiomáinte agus díograsach leis an teanga a chothú sa spórt.”

Is in ómós do Sheosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo.  Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Chumann Lúthchleas Gael, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh mar iománaí agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhóreagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Thíos tá liosta na gclub a bhfuil bonn bainte amach acu.  Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg

 

Bonn Óir: 

Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe Co. Aontroma 

Naomh Anna Leitir Móir CLG, Co. na Gaillimhe 

Cumann Mícheál Breathnach CLG, Co. na Gaillimhe 

Bonn Airgid: 

An Beart CLG, Co. Dhún na nGall 

Cumann Báire Setanta CLG, Co. Átha Cliath 

Cumann Caide na Gaeltachta CLG, Baile na nGall Co. Chiarraí 

Cloich Cheann Fhaola, CLG, Co. Dhún na nGall 

Cill Chomáin CLG, Co. Mhaigh Eo 

Cumann Liathróid Láimhe Anach Cuan Co. na Gaillimhe 

Naomh Colmcille CLG, Baile an Bhiataigh, an Mhí Co. na Mí 

Áit Tí Chathail CLG, Co. an Dúin

Fine Ghallainn, CLG, Co. Átha Cliath

Cárna Caiseal CLG, Co. na Gaillimhe 

Daingean Uí Chúis, CLG, An Daingean Co. Chiarraí 

Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn Co. na Gaillimhe 

 

Bonn Cré-umha: 

Naomh Séamas CLG, Co. Aontroma 

Cumann Naomh Pádraig, Droichead Mhaigh Eo Co. an Dúin 

Na Dúnaibh CLG, Co. Dhún na nGall 

Naomh Muire Íochtar na Rosann CLG, Co. Dhún na nGall 

Oileáin Árann CLG, Co. na Gaillimhe 

Long Cogaidh CLG, Co. Átha Cliath 

Naomh Fionnbarra, Cabrach. Co. Átha Cliath 

Gaeil Raghnallach Co. Átha Cliath 

Atháin CLG, Lios na Graí Co. Luimnigh 

Cúl CLG, Co. Chiarraí 

Éire Óg, CLG, Inis Co. an Chláir 

Cumann Peil Uí Chomhraí CLG, Co. an Chláir 

Lámh Dhearg CLG, Co. Aontroma 

Naomh Mochaí CLG, Co. an Dúin 

Ard Cloch CLG, Co. Chill Dara 

Gort na Móna Co. Aontroma 

Cluain Tarbh CLG, Co. Átha Cliath 

Oileán na hÉireann Co. Átha Cliath 

Gaeil Triúcha CLG, Co. Mhuineacháin 

Éire Óg CLG, An Charraig Mhór (Iománaíocht) Co. Thír Eoghain 

An Droim Mór CLG, Co. Thír Eoghain 

Seamróga CLG, Ros Liath Co. Fhear Manach 

Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór Co. Thír Eoghain 

Baile Dic CLG, Co. Chill Chainnigh 

Cluain Dá Ghad CLG, Co. an Chláir 

Seanchill CLG, Co. Átha Cliath 

Na Solláin CLG, Co. Chill Dara 

Naomh Éanna Baile Buadáin Co. Átha Cliath 

Seamróga Chonachadh, CLG, Co. Chill Chainnigh 

Cumann Liathróid Láimhe Mícheál Breathnach Co. na Gaillimhe 

Na Mistéalaigh CLG, Caisleán an Bharraigh Co. Mhaigh Eo 

Na Fíníní CLG, Co. Chill Chainnigh 

Carraig Seac CLG, Co. Chill Chainnigh