Bronnfaidh Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael John Horan 37 bonn ar chlubanna CLG as a gcuid saothar ar son na Gaeilge ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh.
Oíche Shathairn, 14 Nollaig a bheas an triú ócáid bhronnta boinn ag Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael le tacaíocht agus aitheantas a thabhairt do na clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.
26 bonn cré-umha, 9 bonn airgead maraon le 2 bhonn óir atá le bronnadh ar chlubanna ó fud fad oileán na hÉireann. Dúirt Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ghlac ós cionn 135 club páirt sa triú bhliain don scéim seo i 2019, méadú 40% ar 2018. “Bronnfar a gcéad bonn ‘Seosamh Mhic Dhonncha’ ar 26 club ón scéim agus an dara ceann ar chlubanna eile a fuair bonn anuraidh ach atá i ndiaidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh rud a chiallaíonn go bhfuil leibhéal bonn airgid nó óir a bainte amach acu.
“is cúis mór áthais dúinn go bhfuil na clubanna chomh tiománta agus diograsach leis an teanga a chothú sa spórt.”
Is in ómós do Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht nua seo. Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitean le linn a shaol. D’éirigh leis an post is airde a bhaint amach sa Cumann Lúthchleas Gael, mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhór-eagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.
Thíos tá liosta na gclub a bheas ag tabhairt boinn na bhaile leo.
Bonn Óir:
Bonn Airgid:
Bonn Cré-umha: