Site logo

37 bonn le bronnadh ar chlubanna CLG

Tá 37 bonn le bronnadh ar chlubanna CLG sa bhliain úr, mar aitheantas ar a saothar leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna gcumainn. Chuaigh an 37 club faoi mholtóireacht le gairid, mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim aitheantais atá a reáchtáil ag Glór na nGael i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael.

26 bonn cré-umha, 6 bonn airgid maraon le 5 bhonn óir atá le bronnadh ar chlubanna ó fud fad oileán na hÉireann. Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael gur ghlac ós cionn 189 club páirt sa scéim i mbliana,  

“Cuireann rannpháirteachas gníomhach na gcumainn san fhondúireacht seo go mór le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge i gclubanna CLG fud fad na tíre. Is cúis áthais dúinn go bhfuil éileamh láidir ar an scéim i gcónaí agus go bhfuil muid ag feiceáil torthaí na hoibre ar an talamh sna pobail ”

Is in ómós do Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an fhondúireacht seo.  Fear le háireamh a bhí i Joe a bhain go leor amach dó féin agus do phobal na tíre seo i gcoitinne le linn a shaoil. D’éirigh leis an ról is airde a bhaint amach sa Cumann Lúthchleas Gael, mar iománaí, thóg sé Corn Mhic Cárthaigh leis siar go Gaillimh agus bhí sé ina phríomhfheidhmeannach agus mar chathaoirleach ar chuid de mhór-eagraíochtaí na tíre seo, Foras na Gaeilge ina measc.

Thíos tá liosta na gclub a mbronnfar bonn orthu i bPáirc an Chrócaigh san Earrach. 
Tá tuilleadh eolais maidir le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil ag www.glornangael.ie/clg

 

Boinn Óir:

Tuar Mhic Éadaigh CLG Co. Mhaigh Eo

Cumann Peil na mBan Maigh Cuilinn Co. na Gaillimhe

An Cheathrú Rua CLG Co. na Gaillimhe

Cárna Caiseal CLG Co. na Gaillimhe

Cumann Caide na Gaeltachta Co. Chiarraí

 

Boinn Airgid:

Bearna – Na Forbacha (Iománaíocht) Co. na Gaillimhe

An Ríocht CLG Co. an Dúin

Naomh Peadar CLG, An Lorgain Co. Ard Mhacha

Baile Buadáin, Naomh Éanna CLG Áth Cliath

Naomh Colmcille CLG, An Charraig Mhór Co. Thír Eoghain

An Clochán Liath CLG Co. Dhún na nGall

 

Boinn Cré-umha:

Cabán tSíle CLG Áth Cliath

Clanna Gael Fontenoy CLG Áth Cliath

Fánaithe Baile Buadáin CLG Áth Cliath

Na Cloigthithe CLG Áth Cliath

Naomh Barróg CLG Áth Cliath

Naomh Pádraig CLG, Domhnach Bat Áth Cliath

Sairséalaigh Leamhcáin CLG Áth Cliath

Cill Mhichíl CLG C.o an Chláir

An Ghleann CLG Co. an Dúin

Ard Ghlais CLG Co. an Dúin

Clann na Banna CLG Co. an Dúin

Baile Mhic an Aba CLG Co. Ard Mhacha

Na Piarsaigh CLG, Eanach Mór Co. Ard Mhacha

Uí Raithilligh CLG, Tailte an Choláiste Co. Ard Mhacha

Achadha Mórdha CLG Co. Chill Dara

Baile Éilís CLG Co. Chill Dara

Mainistir Eimhín CLG Co. Chill Dara

Nás na Ríogh CLG Co. Chill Dara

Na Piarsaigh CLG, Doire Trasna Co. Dhoire

Naomh Trea CLG Co. Dhoire

Baile na nGallóglach CLG Co. Dhún na nGall

Bealach na Leice CLG Co. Fear Manach

Naomh Iósaf Eadarnaigh CLG Co. Fear Manach

Mungairit Naomh Póil CLG Co. Luimnigh

Peil na mBan – Pailís Ghréine CLG Co. Luimnigh

Gaeil Mhaigh Eo CLG Co. Mhaigh Eo