GRADAIM
Gnó na hÉireann
28 Bealtaine – Seimineár Idirnáisiúnta:
An tábhacht le dátheangachas sa ghnó
Seimineár Fíorúil, 28 Bealtaine @ 12:00: Tá Glór na nGael ag ullmhú scéim aitheantais do ghnónna a úsáideann an Ghaeilge ar a gcuid comharthaíocht, a mbrandáil agus mar chuid dá seirbhísí do chustaiméirí. Seolfar an scéim níos déanaí i mbliana, agus bronnfar gradaim aitheantais ar ghnónna le linn 2022 agus ar bhonn bliantúil i ndiaidh sin.
Mar ullmhúchán don scéim tá cuireadh tugtha do chainteoirí idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu ar an dátheangachas sa ghnó labhairt linn ar chomhdháil Zoom ar an 28 Bealtaine.
Beidh Aodhán Mac Cormaic, atá ina stiúrthóir sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus freagrach as an Plean 20 Bliain don Ghaeilge 2010 -2030 ar an bpainéal i gcuideachta Oihan Zubizarreta Irebecampos, stiúrthóir cumarsáide leis an gcomharchumann Bascach EMUN; Siubhán Nic Grianna, Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta; Helene Armentia Artzak atá freagrach as pleananna agus polasaithe teanga in Elhuyar; agus leis an Dr Jeremy Evas, Ceannasaí ar Prosiect 2050 i Rialtas na Breataine Bige.
Is í Niamh de Búrca, Príomhfheidhmeannach Gnó Mhaigh Eo agus comhalta boird Ghlór na nGael a bheidh ina cathaoirleach ar an seimineár.
Tá an chomhdháil seo dírithe go príomha ar ghrúpaí pobail a bhfuil suim acu an scéim aitheantais a chur chun cinn ina gceantair féin, ach is féidir le haon duine freastal air ach clárú roimh ré. (rphost a sheoladh chuig gradaim@glornangael.ie)
Teagmháil: Eoghan Mac Cormaic
Leas-Cheannasaí Glór na nGael
+353 85 71 87678
Cathaoirleach:
Niamh de Búrca
Príomhfheidhmeannach Gnó Mhaigh Eo & Comhalta Boird Ghlór na nGael.
Eolas faoi na cainteoirí:
Aodhán Mac Cormaic
Stiúrthóir: Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Is comhalta de bhord bainistíochta na Roinne é an Dr Aodhán Mac Cormaic agus tá sé freagrach ag leibhéal an Stiúrthóra as an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chur i gcrích, as cláir Ghaeltachta agus polasaí Gaeilge, reachtaíocht agus cláir laistigh agus taobh
amuigh de limistéir ainmnithe Gaeltachta. Tá sé freagrach freisin as an nGaeilge ag leibhéal an AE, as Logainmneacha, as an gComhoibriú Thuaidh-Theas lena n-áirítear an Foras Teanga.
Siubhán Nic Grianna
Bainisteoir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta
Tá Siubhán Nic Grianna fostaithe mar Bhainisteoir Pleanála Teanga ag Údarás na Gaeltachta agus freagrach as na cláir tacaíochtaí teanga atá ag an Údarás a bhainistiú agus a riaradh, an próiseas pleanála teanga ina measc. Sé cuspóir forbartha an Údaráis ná tacú le cur chun cinn na fiontraíochta agus na fostaíochta ar mhaithe le pobal inmharthana Gaeilge a chothú sa Ghaeltacht. Oibríonn an tÚdarás lena chliantchomhlachtaí ar bhunús leanúnach le cinntiú go bhfuil a dtionchar ar an nGaeltacht dearfach ar go leor bealaí – fostaíocht, úsáid na Gaeilge, seirbhísí agus infreastruchtúr pobal. Cuireann an tÚdarás raon
tacaíochtaí ar fáil dá chliant-chomhlachtaí chun tacú leo céimeanna dearfacha i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa láthair oibre agus ina ghnó.
An Dr Jeremy Evas
Ceannasaí ar Prosiect 2050 i Rialtas na Breataine Bige
Roimhe seo bhí Jeremy Evas ina Ceannasaí ar cur chun cinn na Breatnaise agus athrú iompraíochta le Rialtas na Breataine Bige agus ina léachtóir ar pholasaí agus pleanáil teanga ag Scoil na Breatnaise, Ollscoil Cardiff. Bhí sé ina Stiúrthóir Straitéise le Coimisiún na Breatnaise agus Stiúrthóir Polasaí agus Pleanáil Corpais le Bord Teanga na Breataine Bige mar a bhí ann tráth.
Tá an-spéis aige in aimsiú agus i ngníomhú beartais a mhéadaíonn úsáid na Breatnaise. Tá maoirseacht déanta aige ar thráchtais dochtúireachta ar uathoibriú aistriúcháin, agus ar síceolaíocht iompraíochta i leith idirghníomhaíocht daoine dátheangacha le ríomhairí agus i leith seirbhísí oideachais trí mheán na Breatnaise. Tá taighde foilsithe aige ar na tosca a imríonn tionchar ar aistriú na Breatnaise ó ghlúin go glúin. Ina ról le Rialtas na Breataine Bige tá sé freagrach as cláir le úsáid neamhfhoirmeálta na Breatnaise i measc páistí scoile a spreagadh, aistriú teanga i dteaghlaigh; teicneolaíocht i mBreatnais, an Bhreatnais san earnáil phríobháideach agus gnéithe den Bhreatnais mar theanga oibre. Nuair nach bhfuil sé ar obair is maith leis bheith ag rothaíocht.
Oihan Zubizarreta Irebecampos
Tá Oihan Zubizarreta Irebecampos freagrach as cumarsáid sa chomharchumann Bascach EMUN. Le blianta anuas tá sé ag dearadh, ag cur i bhfeidhm agus tabhairt comhairle ar phleananna teanga Bascacha i gcomhlachtaí príobháideacha (mar shampla comharchumainn tionsclaíocha ar nós FAGOR agus ULMA) agus i bhforais poiblí (Rialtas Thír an mBascach agus Comhairle Cúige Gipuzkoa). Tá céim sa dlí aige ó EHU-UPV agus bhí sé ina chomhordaitheoir scéimeanna comhoibre teanga le Garabide, ina raibh sé ag comhoibriú ar thograí forbartha sa Cholóim, Yucatán (Meicsiceo) agus in Eacuadór le pobail teanga Kichwa, Embera agus Yucatecan Mayan. Tá tréimhsí caite aige le comharchumainn Bascacha amhail Mondragon, sa ghrúpa FAGOR agus Laboral Kutxa. Lasmuigh dá chuid oibre, is ball é de chomhlachas amharclainne agus is maith leis bheith ag rothaíocht.
Helene Armentia Artzak
Tá Helene freagrach as pleananna agus polasaithe teanga in Elhuyar. Tá céim Bhitheolaíochta aici ó Ollscoil Thír na mBascach EHU agus Máistreacht i gCórais Bith-imoibreoirí aici ó Insititiúíd Eolaíochta agus Teicneolaíochta, Ollscoil Manchain, chomh maith le cúrsa iarchéime i Measúnú Tionchair Teanga (EHU), ach tá sí tar éis mórchuid a saol oibre a chaitheamh ag dearadh agus ag forbairt polasaithe teanga. Bhí sí ag riaradh tograí a chuir an Bhascais chun chinn i gcomhlachtaí príobháideacha agus san earnáil phoiblí, tograí a rinne úsáid na Bascaise a normalú i ranna éagsúla an Rialtais Bascaigh (An Roinn Sláinte, Emakunde, Institiúd na mBan) agus i gcomhairlí cathracha. Tá na blianta de thaithí aici i dtograí rannpháirtíochta daoine, go háirithe sna cinn a iarrannn an Bascais a athbheocháin sna cathracha. Lasmuigh d’obair is maith leí bheith ag fanaíocht.