Fógraíodh An Droichead, Béal Feirste mar príomhbhuaiteoir Ardán 2026 ag mórócáid bhronnta Ghlór na nGael in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2026. Bhain an grúpa an phríomhdhuais de €20,000 as an chur i láthair ”Ag freastal ar shainriachtanais na dteaghlach sna luathbhlianta”. D’fhorbair an grúpa córas tacaíochta do pháistí a bhfuil sainriachtanais […]
Beidh scoth na hoibre atá á déanamh ag pobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ar fud na hÉireann á ceiliúradh ag Glór na nGael ag Ardán 26 in Óstán Chonnacht, Gaillimh, Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair 2026. Fuarthas breis agus 100 iontráil ó 59 grúpa pobail i gcomórtas na bliana seo, léiriú láidir ar an fhuinneamh, ar […]
Bhí lúcháir mhór ar Ghlór na nGael tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 71 fochumann CLG in 24 chontae sa tír mar chuid de scéim deontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh deontais de €31,930 ar chlubanna le tacú leo cur le húsáid, le foghlaim agus le hinfheictheacht na teanga. Chomh maith leis an infheistíocht […]
Beidh tráthnóna de chraic agus spraoi á eagrú do theaghlaigh Ghaeilge i gCeatharlach ar 26 Meán Fómhair 2026. Tosóidh imeachtaí an lae ag 13:00 i Halla an Bhaile agus an Plaza lasmuigh de ar Shráid Centaur go gcríochnóidh siad ag 16:00. I measc na himeachtaí, beidh Scéalaíocht le Julie Ann de Brúin, drumadóireachta agus amhránaíocht […]
Beidh lá lán spraoi agus siamsaíochta do theaghlaigh ag Ardán 26, a bheidh ar siúl ar an 19 Meán Fómhair 2026 in Óstán an Chonnacht i nGaillimh. Beidh seomra speisialta teaghlaigh á reáchtáil ag an rannóg Teanga Tí mar chuid den ócáid moltóireachta agus bronnta do ghrúpai pobail. Beidh Stephen McGinley linn le ceardlanna lán […]