Bhí deis den scoth ag na céadta teaghlach le déanaí blaiseadh de dhraíocht an tsorcais a fháil trí mheán na Gaeilge agus sraith speisialta curtha i láthair ag Shorcas Duffy. Cuireadh na himeachtaí ar fáil mar chuid de Cultúr 2026 le maoiniú ó Cultúr Éireann trí chomhpháirtíocht idir Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael […]
Tháinig 49 teaghlach Gaeilge le chéile i gCiarraí ar an 9 Lúnasa chun seachtain a chaitheamh le chéile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne arís. Is é Teanga Tí, rannóg teaghlaigh Ghlór na nGael, a eagraíonn an tsaoire, a mheallann teaghlaigh ó gach cearn den tír chun am a chaitheamh le chéile i mbun spraoi, ceoil, craic […]
Tá Scéim na gCúntóirí Teanga taobh amuigh den Ghaeltacht á reáchtáil ag Glór na nGael thar ceann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, mar bheart sonrach ón bPlean Gníomhaíochta 2018 – 2022 don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá Glór na nGael ag lorg daoine le dul i mbun oibre go páirtaimseartha […]
Tá lúcháir ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil an dara babhta de dheontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2026 anois oscailte. Beidh fuinneog míosa ó 3 Lúnasa go 1 Meán Fómhair ag clubanna atá cláraithe leis an Fhondúireacht le cur isteach ar dheontas suas le €500 le tograí Gaeilge a eagrú i gclubanna CLG. […]