32 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta fógartha ar Ghearrliosta Ardán 2026 Fógraíodh inniu ar chlár Barrscéalta de chuid Raidió na Gaeltachta na grúpaí Gaeilge agus Gaeltachta a bhfuil áit bainte amach acu ar Ghearrliosta Ardán 2026. Chuir breis agus 60 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta as fud fad na tíre breis agus 100 iontráil isteach ar Ardán […]
Bhí deireadh seachtain gnóthach ag an rannóg Theanga Tí le Lá Spraoi i Luimneach agus puball againn i dTeach Bhéal na mBuillí, Ros Comáin. Is i gColáiste Mhuire Gan Smál a bhí an Lá Spraoi, ócáid a eagraítear i gCúige difriúil gach bliain. D’fhreastail 29 teaghlach ar an ócáid a raibh seisiún céadfach, scileanna sorcais, […]
Bhí deis ag Órla le déanaí bualadh le hAva, Dennis agus coiste Chomhluadar Luimnigh chun plé a dhéanamh ar an obair den scoth atá ar bun acu agus ar an tionchar dearfach atá acu ar chur chun cinn na Gaeilge i gContae Luimnigh. Le linn an chruinnithe, pléadh réimse tionscnamh agus clár de chuid Ghlór […]
Bhí deireadh seachtaine iontach ag CLG Chill Chartha nuair a d’óstáil siad Comórtas Peile na Gaeltachta. Tá CLG Chill Chartha cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ó 2020 agus is é seo an dara uair dóibh Comórtas Peile na Gaeltachta a óstáil, an chéad uair ná 2004. Is í an Ghaeilge príomhtheanga an chlub agus […]
Chaith Órla lá speisialta le déanaí ar Oileán Chléire i gcuideachta Ruairí Uí Dhonnabháin agus an choiste áitiúil chun bualadh leis na gnólachtaí atá cláraithe do Ghradaim Gnó na hÉireann agus chun plé a dhéanamh ar a rannpháirtíocht in Ardán agus i Luachanna. Le linn na cuairte, bhuail Órla le baill éagsúla den phobal agus […]