Féile Spraoi Strokestown House, Ros Comáin Satharn 6 Meitheamh 12 – 5pm. Bíonn Fun Fest ann go bliantúil ag Gairdíní Múrtha Strokestown Park. (https://strokestownpark.ie/event/funfest-creativity-at-play/) Don chéad uair riamh beidh Puball Gaeilge ann mar chuid de, eagraithe ag Teanga Tí, an Rannóg Teaghlaigh de chuid Ghlór na nGael. Beidh spraoi le Giggles an fear grinn, scéalaíocht ‘s […]
Tá ríméad ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, tar éis glacadh le cuireadh na heagraíochta a bheith ina hÉarlamh ar Ghlór na nGael. Is mór an onóir don eagraíocht an t-aitheantas seo a fháil ó Uachtarán na hÉireann. Is léiriú tábhachtach é ar an meas náisiúnta atá ar […]
Osclaíodh Clubtheach nua de chuid CLG Chill Uird i gCorcaigh go hoifigiúil ag ócáid speisialta ar an 16 Bealtaine. Ba mhór an onóir don chlub go raibh Uachtarán CLG, Iarlaith Ó Broin, mar aon le haíonna mór le rá eile, ina dteannta chun an searmanas oscailte oifigiúil a cheiliúradh. Cuimsíonn CLG Chill Uird, club beag […]
Bhain Cúntóirí Teanga de chuid Scéim na gCúntóirí Teanga, Glór na nGael, tairbhe agus taitneamh as lá oiliúna a eagraíodh le déanaí in Oifig Fhoras na Gaeilge. Ba dheis luachmhar a bhí ann do na cúntóirí teacht le chéile, aithne níos fearr a chur ar a chéile, taithí a roinnt, agus páirt a ghlacadh i […]
Tá ríméad ar Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Séamus de Búrca ceaptha mar Chathaoirleach nua ar Choiste Riosca agus Iniúchóireachta na heagraíochta. Tagann Séamus chuig an ról seo le taithí na mblianta i gcúrsaí ceannaireachta, bainistíochta, agus cinnte go bhfuil dúthracht thar na bearta léirithe aige don Ghaeilge ar feadh a shaoil. Is […]
Bhí Glór na nGael i lár an aonaigh i mBaile an Chaisil ag deireadh na seachtaine nuair a eagraíodh babhtaí ceannais Mhaigh Eo de Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tá Baile an Chaisil lonnaithe ar chósta thuaidh Mhaigh Eo agus tá a bpáirc peile agus a gclubtheach féin suite in aice leis an cheann scríbe iomáiteach […]
Tá Glór na nGael ag lorg scríbhneora/taighdeora chun taighde a dhéanamh agus stair chuimsitheach na heagraíochta a scríobh, óna bunú i 1961 go dtí an lá inniu. Beidh an saothar dírithe ar thionchar agus ar éifeacht Ghlór na nGael ar phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta, ar fheachtais náisiúnta, ar scéimeanna, ar chomórtais agus ar fhorbairt na […]