Month: March 2026

Már 31
Deontais bronnta ar bhreis agus 70 club CLG

Bhí lúcháir mhór ar Ghlór na nGael tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 74 fochumann CLG in 24 contae sa tír mar chuid de scéim deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh deontais de €31,491 ar chlubanna le tacú leo cur le húsáid, le foghlaim agus le hinfheictheacht na teanga. Chomh maith leis an infheistíocht […]

Már 24
Comhdháil rathúil i bPáirc an Chrócaigh

Maidin álainn in Earrach na bliana bhailigh ionadaithe ó chlubanna na Fondúireachta sa Cheannáras chun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha a phlé. B’é seo an dara uair do Ghlór na nGael a leithéid d’imeacht a eagrú agus is cinnte gur éirigh go seoighe leis. Bhí Oifigigh Gaeilge i láthair ó gach carn den tír –  ó […]

Már 18
Tá ainmniúcháin oscailte do Fhiontraí Óg na Bliana 2026

Tá Glór na nGael ag glacadh le hainmniúcháin anois do Fhiontraí Óg na Bliana 2026, gradam speisialta atá mar chuid den scéim náisiúnta aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann. Is í aidhm na scéime seo gnólachtaí agus fiontraithe a spreagadh, a mholadh agus a aithint as an obair atá ar bun acu chun an Ghaeilge a […]

Már 05
Nuachtlitir Theanga Tí 6ú Márta 2026

Fáilte romhaibh chuig an eagrán seo de Nuachtlitir Theanga Tí. San eagrán seo tá: Imeachtaí na Míosa Saoire Ghaeltachta 2026 Súgradh agus Spraoi – Ard Mhacha Imeacht do theaghlaigh le páistí Uathacha Seachtain na Gaeilge i gCill Dara Cara Teanga Tí Frásaí úsáideacha do Thuismitheoirí nua Siopa Údar Rannóg na nÓg Imeachtaí Teaghlaigh Fógraí Is […]

Már 03
Comhdháil Náisiúnta na Fondúireachta ar na bacáin

Ar an 21ú Márta 2026, beidh Comhdháil Náisiúnta Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar siúl arís i bPáirc an Chrócaigh idir 12.00 – 4.00 i.n. Beidh an chomhdháil seo dírithe ar chlubanna CLG atá ag súil le dul faoi mholtóireacht do bhoinn FSMD chré-umha, airgid nó óir i rith 2026. Tar éis rath na comhdhála anuraidh, […]

Roghnaigh do theanga / Choose your language