Bhí lúcháir mhór ar Ghlór na nGael tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 85 fochumann CLG in 28 contae sa tír mar chuid de scéim deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh deontais de €34,848 ar chlubanna le tacú leo cur le húsáid, le foghlaim agus le hinfheictheacht na teanga. Chomh maith leis an infheistíocht […]
Ó 25-27 Meán Fómhair beidh Leabharlanna Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin i bpáirt le Gaeilge365 ag óstáil Bronntanas, féile nua a cheiliúrann na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh. Threisigh Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac […]
Mar chuid de shraith agallaimh le grúpaí pobail ar fud na tíre, labhair Ruairí Ó Donnáin linn maidir leis an obair atá ar bun ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair i gContae an Dúin. Tá Ruairí ina Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an eagraíocht a bhain an tríú háit amach i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael […]
Tá scéim úr oscailte ag Glór na nGael chun cuidiú le coistí pobail i ngrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre iad féin a reachtáil mar is ceart. Cuireadh tús leis an scéim Luachanna, cód cleachtais atá mar threoir do ghrúpaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta chun cuidiú leo iad féin a riar go héifeachtach, […]