Month: April 2025

Aib 17
Buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2024 fógartha

Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael maidin Déardaoin 17 Aibreán ar chlár speisialta de chuid Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is iad Coiste Forbhartha Charn Tóchair as Contae Dhoire a bhain an chéad áit amach as na coistí ar fad leis an phríomhdhuais a bhaint i mbliana, le Coiste Forbartha Dhobhair as Gaeltacht […]

Aib 17
Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael buaite ag Coiste Forbartha Charn Tóchair

Bhí bua stairiúil ag Coiste Forbartha Charn Tóchair inniu, Déardaoin, nuair a fógraíodh iad mar bhuaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael ar eagrán speisialta de chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin.   Is é seo an ceathrú úr go bhfuil an comórtas buaite ag an choiste as deisceart Chontae Dhoire, éacht nach […]

Aib 09
Deontais bronnta ar bhreis agus 90 club CLG

Bhí lúcháir mhór ar Ghlór na nGael tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 93 fochumann CLG in 31 contae sa tír mar chuid de scéim deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh deontais de €29,723 ar chlubanna le tacú leo cur le húsáid, le foghlaim agus le hinfheictheacht na teanga. Chomh maith leis an infheistíocht […]

Aib 01
Leabhrán úr GRADAIM foilsithe

Tá leagan nua de leabhrán GRADAIM foilsithe ag Glór na nGael don bhliain 2025. Tugann an leabhrán seo eolas do ghnólachtaí ar an scéim agus ar an phróiseas atá i gceist leis an scéim. Is é seo an ceathrú bliain den scéim, agus leis sin, an ceathrú leagan den leabhrán. I mbliana, roghnaíodh roinnt pictiúr […]

Roghnaigh do theanga / Choose your language