Is cúis áthais é dúinn go bhfuilimid, ar aon le Dún Garbháin le Gaeilge ag comhoibriú le Féile Bia Phort Láirge arís i mbliana chun imeachtaí ar nós Picnic na dTeidí, Cócaireacht le Chéile ar an 26ú, agus imeacht úrnua Maisiú Cístí ar an 27ú hAibreán. Tá cur síos beag do na himeachtaí thíos: […]
Bhí lá den scoth ag páistí bunscoile Shligigh agus Liatroma ar na mallaibh nuair a d’fhreastail siad ar bhlitzchomórtas Gaeilge a reáchtáil CLG Naomh Mhuire i mbaile Shligigh. Bhí páistí i láthair ó Gaelscoil Chnoc na Ré, Scoil Ursula agus Scoil Eoin as Sligeach agus Gaelscoil Chluainín i Liatroim don bhlitzchomórtas don ócáid iontach a […]
Tá borradh mór tagtha ar úsáid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 7 le tamall anuas, agus tá grúpa pobail nua ag obair go dian chun an teanga a chur chun cinn sa cheantar. Beidh an grúpa seo dírithe ar spásanna sóisialta agus imeachtaí a chruthú ina mbeidh fáilte roimh gach duine, beag beann ar […]
Le dhá sheachtain anuas, bhí oifigigh Ghlór na nGael ag bualadh le coistí pobail ó gach cearn den tír chun moltóireacht a dhéanamh ar an obair ar fad a rinne siad sa bhliain 2024 mar chuid de Chomórtas Ghlór na nGael 2024. I mbliana, rinneadh gearradh siar ar an mhaoiniú a fhaigheann Glór na nGael […]
Bronnadh Gradaim an Chíosógaigh in Áras Mumhan, Caladh an Treoigh ar an Satharn, 1 Márta. Reáchtáladh Comórtas do chlubanna i gCúige Mumhan chun a dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ag leibhéal an chlub a léiriú. Roinn ceithre chlub buaiteacha duaischiste iomlán de €10,000 agus bronnadh €2500 ar gach club rathúil […]