Month: February 2025

Feab 28
Deireadh Seachtaine Teaghlaigh 2025: Ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an gCultúr

Ón 21ú go dtí an 23ú Feabhra, tháinig 25 teaghlach lán-Ghaelach le chéile, idir mhuintir na Gaeltachta agus teaghlaigh ar fud na tíre, le haghaidh deireadh seachtaine lán de chultúr, spraoi agus Gaeilge. Bhí an deireadh seachtaine lán le himeachtaí spreagúla a chuir deis iontach ar fáil do theaghlaigh an Ghaeilge a labhairt ar bhealach […]

Feab 24
Deontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha anois ar oscailt

Tá lúcháir ar Ghlór na nGael go bhfuil an chéad bhabhta de dheontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2025 anois oscailte. Beidh fuinneog trí sheachtaine ó 24 Feabhra go 14 Márta ag clubanna atá cláraithe leis an Fhondúireacht le cur isteach ar dheontas suas le €500 le tograí Gaeilge a eagrú i gclubanna CLG. Moltar do […]

Feab 21
Seas linn ar stailc

Don chéad uair riamh, rachaidh foireann Ghlór na nGael ar stailc. Déanfar é seo i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí Gaeilge agus grúpaí pobail ar fud na tíre. Tabharfaidh foireann Ghlór na nGael faoin stailc leathlae ar an 26 Feabhra, idir 9.00 agus 13.00, mar chomhartha míshástachta maidir leis an easpa mhaoinithe atá curtha ag fáil do […]

Feab 13
Blitzchomórtas na Fondúireachta 2025 i gCill Dhéagláin, Co. na Mí

Bhí lá den scoth ann ar Lá Fhéile Bríde, 1ú Feabhra 2025, nuair a bhailigh peileadóirí ó 14 chlub le chéile i gclubtheach fairsing Dhomhnach Mór Cill Dhéagláin i gcontae na Mí. Bhí 150 ann ar fad idir imreoirí, eagraitheoirí, bainisteoirí agus maoir ón chlub, agus Gaeilge á labhairt ag gach duine. Thosaigh an lá […]

Feab 12
Scéim tarrthála do choistí pobail maoinithe ag Foras na Gaeilge, €75k- €100k

Tá Glór na nGael ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin airgeadais mar gheall ar easpa méadú ar mhaoiniú, ón mbliain 2015 i leith. Mar thoradh ar seo, b’éigean do Bhord Stiúrtha na heagraíochta cinntí deacra a ghlacadh chun caiteachas a laghdú. Aithníonn an Bord gur figiúr i bhfad níos airde ná an €800,000 atá riachtanach d’Fhoras […]

Feab 06
An Ghaeilge sa Scoilphobal

       Tá scéim dar teideal ‘An Ghaeilge sa Scoilphobal’ seolta ag Glór na nGael a thacóidh le forbairt líonraí de theaghlaigh Ghaeilge i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge. Is é sprioc na scéime ná deis a thabhairt do theaghlaigh sa scoilphobal aithne a chur ar a chéile ag imeachtaí spraoíúil ar bhonn […]

Feab 05
Gradaim an Chíosógaigh – Spriocdháta ag teacht

Tá an spriocdhata do Ghradaim an Chíosógaigh ag teannadh linn ar an 17 Feabhra ag 17:00. Sheol CLG na Mumhan Gradaim an Chíosógaigh roimh an Nollaig. Is comórtas é Gradaim an Chíosógaigh do chlubanna CLG i gCúige Mumhan chun a dtiomantas do chur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir ag leibhéal an chlub a […]

Roghnaigh do theanga / Choose your language