Sa tsraith ghearr seo d’agallaimh caithfidh muid súil siar ar bhronnadh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana agus ar na hagallaimh a rinne an craoltóir Gráinne McElwain leis na clubanna a bhain na boinn óir i mbliana. Ceithre chlub san iomlán a bhain bonn óir i mbliana agus tosóidh muid an tsraith leis an agallamh […]
Tá lúcháir ar Ghlór na nGael go bhfuil teacht ag an phobal anois ar an taighde a rinneadh le déanaí ar éifeacht Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Ba í an chuideachta comhairliúcháin Barr Feabhais a rinne an taighde ar son Ghlór na nGael faoi stiúr an Dr Mhichíl Uí Dhuibh agus a chomhghleacaithe Caitríona Ó Torna […]
D’fhógair Glór na nGael inniu go bhfuil 16 chlub cláraithe don bhlitzchomórtas a bheidh ar siúl i gCo. na Mí ar Lá ‘le Bríde. Imreoidh na himreoirí, a bheidh os cionn 17 mbliana d’aois, ar pháirceanna uile-aimseartha i gCLG Domhnach Mór Cill Dhéagláin. Peil Ghaelach mheasctha, le fir agus mná ag imirt le chéile, a […]
Bhailigh coistí pobail ó gach cearn den tír le chéile ar an 2 Nollaig in Áth Luain le haghaidh Ceardlann Oiliúna agus Fóram Gréasánaíochta a d’eagraigh Glór na nGael. Bhí deis ag ionadaithe ó na coistí atá ar an Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge, na Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge teacht le chéile le haghaidh […]
Bronnadh boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar 70 club CLG ó gach cearn den tír, oíche Aoine, an 29 Samhain, 2024. Bhí an searmanas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh, agus ba cheiliúradh a bhí ann ar thiomantas na gclubanna CLG don Ghaeilge. Deir Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, go bhfuil fás […]