Month: September 2024

MF 30
Rannta agus Scéalaíocht ar ais ar an bhfód ar fud fad na Mumhan

Is cúis áthais é dúinn go mbeidh na grúpaí súgartha, seisiúin Rannta agus Scéalaíocht ar ais ar an bhfód ar fud fad na Mumhan idir Corcaigh, Ciarraí, Port Láirge agus Contae an Chláir.   Rannta le Chéile, Trá Lí, Co. Chiarraí:  Bíonn an seisiún Rannta le Chéile le hElaine ar siúl gach coicís i Leabharlann […]

MF 26
Acmhainní do theaghlaigh ar www.glornangael.ie/teangati/acmhainni/

Is dúshlán nach beag é do thuismitheoirí páistí a thógail trí mheán na Gaeilge agus an Béarla de shíor ag brú isteach orainn. Is amhlaidh is mó an tábhacht le hacmhainní tacaíochta mar atá forbartha ag Glór na nGael agus iad ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.glornangael.ie. Ina measc seo, tá físeáin scéalaíochta á […]

MF 24
Gailearaí – Bronnadh Comórtas Náisiúnta 2023

Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2023 Príomhdhuais Ghlór na nGael Céad áit €15,000 & Trofaí Fhoras na Gaeilge: Coiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Páraig) Dara áit, €5,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne   Duaiseanna Rannóige an Chomórtais An Óige:Céad áit, €3,000: Coiste Pleanála Teanga Inis OírrDara áit, €2,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo Oideachas: (Urraithe ag […]

MF 19
Glaoigh ar Thairiscintí

Tá Glór na nGael ar lorg stiúrthóir gréasán cáilithe le cur le suíomh www.siopaudar.ie agus ardán breise a chruthú ann le 3000+ táirgí oideachais a léiriú. Tá léiriú spéise á lorg, móide costas na hoibre, roimh 17:00, Déardaoin 3 Deireadh Fómhair 2024. Iarrfar ar an té a gheobhaidh an conradh seo: Cur le suíomh Siopa […]

MF 14
Duaiseanna Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2023 Bronnta – Gailearaí

Bronnadh duaiseanna Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn 14/09/24.  B’iad Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo, Trófaí Foras na Gaeilge agus seic le haghaidh €15,000. Duaischiste de luach €70,000 ina iomláine a bronnadh ag […]

MF 12
Oifigeach Pleanála Teanga le hearcú – Trá Lí

Tá Comhaontú Leibhéal Seirbhíse aontaithe agus sínithe idir Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí agus Glór na nGael maidir le fostú agus bainistiú Oifigeach Pleanála Teanga do Phlean Teanga Thrá Lí. “Tá áthas orainn go bhfuil Glór na nGael lárnach sa tionscadal seo” a dúit Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael. “Tá tús curtha againn […]

MF 11
Moltóireacht na Fondúireachta ag tosach go luath!

Tá foireann Ghlór na nGael ag obair i dtreo bronnadh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha na bliana seo, atá ag tarlú i bPáirc an Chrócaigh ar an Aoine, an 29 Samhain. Is é ag an am seo den bhliain a dhéantar na socruithe i dtaobh na boinn a mbronnfar i mbliana. Tá oifigigh forbartha Ghlór na […]

MF 05
Lá Teaghlaigh CLG Coillte Mach

Beidh na sluaite ag druidim ar Pháirc Mhic Ghiolla Mháirtín i gCoillte Mach ar an Domhnach beag seo, 8ú Meán Fómhair, agus Lá Teaghlaigh ‘24 a eagrú ag coiste an chlub. Lá mór ar fhéilire CLG Coillte Mach is ea an Lá Teaghlaigh, a reáchtáltar gach bliain. Bíonn ceol, craic, spraoi agus peil go leor, […]

MF 05
Saoire Ghaeltachta den scoth ag Teaghlaigh Ghaeilge Theanga Tí

Tháinig 43 teaghlaigh Ghaeilge le céile i gCiarraí ar 12 Lúnasa chun seachtain a chaitheamh le chéile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Tháinig siad ón uile charn den tír chun an t-am a chaitheamh le chéile i mbun spraoi, ceoil, craic agus eachtraíochta. Más 43 teaghlach a bhí ann, eagraíodh 43 imeacht le linn don seachtain, […]

MF 02
Ócáid Bhronnta Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael – 14/09/24 – Páirc an Chrócaigh

Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, a bhronnfaidh duaischiste ar luach €70,000 ar bhuaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn 14 Meán Fómhair.  Is ansin a fhógrófar ollbhuaiteoir an Chomórtais agus a mbronnfar an príomhdhuais de €15,000 agus Trófaí Fhoras na Gaeilge ar cheann den trí […]

Roghnaigh do theanga / Choose your language