Bhí deis ag an rannóg theaghlaigh de chuid Ghlór na nGael, Teanga Tí, a bheith ag tacú leis an rannóg phobail agus iad i mbun seisiún eolais faoin dara bhabhta den scéim deontais de chuid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Cuireadh na seisiúin eolais seo ar fáil do na clubanna CLG sin atá cláraithe le Fondúireacht […]
Beidh seisiún eolais maidir leis an scéim GRADAIM Gnó na hÉireann in Óstán an Strand i Luimneach ar an 25ú Iúil, 2024, ag 7 i.n. Comhluadar Luimnigh agus Glór na nGael atá ag comheagrú na himeachta seo. Beidh oifigeach forbartha Ghlór na nGael, Pádraig Ó Neachtain, i láthair le plé a dhéanamh ar an chaoi […]
Is é tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge an fócas a bhíonn ag an rannóg Theanga Tí de chuid Ghlór na nGael. Cuimsíonn obair na rannóige eagrú imeachtaí chun na teaghlaigh a thabhairt le chéile agus líonraí a chruthú, is é sin cruthú pobal de theaghlaigh Ghaeilge. Bíonn […]
Tá an dara bhabhta de scéim deontais FSMD na bliana seo oscailte faoi láthair. Tá an deontas dírithe ar chlubanna atá cláraithe leis an fhondúireacht do 2024, agus tugann sé deis dóibh tograí teangabhunaithe a fhorbairt agus a neartú ina gcuid cumainn. Ó cuireadh tús le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha in 2017, tá luach deontais […]
Léirigh suirbhé a rinne Amárach Research is Gaelchultúir le déanaí athrú iontach ar dhearcadh chustaiméirí i leith na Gaeilge agus is spreagadh iontach é do na gnóthaí atá cláraithe le GRADAIM Gnó na hÉireann. Tugann an staidéar, a bhailigh léargais ó mhíle duine ar fud na tíre, eolas dúinn ar an meas atá ag méadú […]
An raibh deis agat freastal ar chúrsa Gaeltachta i rith an tsamhraidh nó an fhómhair anuraidh le scoláireacht a bhronn Glór na nGael ort? An mbeidh tú ag freastal ar chúrsa Gaeltachta leis an scoláireacht ó Ghlór na nGael i mbliana? Nó an tuismitheoir tú ag tógáil clainne le Gaeilge ar mhaith leo feabhas a […]
Bhí teacht le chéile taitneamhach agus bríomhar ann aréir i Rath Cobhthaigh agus tá buíochas mór ag dul do chathaoirleach agus coiste an chlub as na háiseanna iontacha a chur ar fáil dúinn. Bhí cuma iontach ar an gclubtheach agus an chomharthaíocht ar fad dátheangach. Chuireamar fáilte roimh ionadaithe ó sheacht gclub ag an gcruinniú […]
Bronnadh Gradaim ar chumainn spóirt i gCorca Dhuibhne ag ócáid speisialta in Óstán Benners, Daingean Uí Chúis ar an 19 Meitheamh. D’eagraigh Tobar Dhuibhne, atá freagrach as an bpleanáil teanga sa cheantar, scéim ar leith do chumainn spóirt len iad a spreagadh an Ghaeilge a úsáid ina gcuid gníomhaíochtaí. Bhain CLG Daingean Uí Chúis, Cumann […]
Tá tionchar iontach ag Teanga Tí ar phobal Bhaile Átha Cliath lena ghrúpaí súgartha bríomhara, ag cothú timpeallacht pléasúrtha agus tarraingteach do pháistí agus tuismitheoirí araon. Faoi stiúir foireann tiomanta, tá na grúpaí seachtainiúla agus míosúla seo anois ina mbunchloch do go leor teaghlaigh i mBaile Átha Cliath, ag cur na Gaeilge chun cinn agus […]