Tá spásanna ag líonadh go gasta ach tá am ann go fóill clárú linn don Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le Déagóirí, Léim an tSionnaigh, Baile Uí Ghabhla, Co. Thír Eoghain, Dé Sathairn 13 – Dé Domhnaigh 14 Aibreán. Is mó clú agus cáil atá ar an ionad gníomhachta as ucht a gcuid gníomhachtaí uathúla […]
Ba mhaith le bainistíocht Ghlór na nGael a chur in iúl dár ngrúpaí pobail, dár n-urraitheoirí agus na páirtithe leasmhara go léir gur glacadh cinneadh ócáid bhronnta Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael, a bhí le bheith ar siúl i mí Aibreán, a chur ar athló. Is é easpa lóistín i mBaile Mhuineacháin agus an ceantar […]
Bunaíodh Glór na nGael sa bhliain 1961 agus ó shin i leith tá an tuafás déanta ag an eagraíocht chun cabhrú le grúpaí pobail atá tiománta do chur chun cinn na Gaeilge go háitiúil agus ar leibhéal náisiúnta. Tá saineolas luachmhar bailithe, a chuireann ar chumas na heagraíochta comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil. […]
Tá scéim na gcampaí samhraidh – scéim atá á maoiniú ag Fóras na Gaeilge ar oscailt anois do 2024. Is féidir le grúpaí agus coistí pobail atá suite i gceantrachaí aitheanta i reachtaíocht nó go stráitéiseach cur isteach ar an scéim seo chun campaí samhraidh a chur ar fáil do ghasúir idir 3-18 bliana d’aois. […]
Beidh Gaisce Ghlór na nDéagóirí ar siúl ag an Rannóg Teanga Tí i mbliana. Is forbairt í an scéim nua seo ar Ghaisce Ghlór a d’eagraigh Glór na nGael le cúpla bliain anuas. Tá aithne mhaith ar Ghaisce Ghlór mar dhúshlán spraíúil le teaghlaigh a spreagadh níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile. Mar a […]
Ar mhaith leat cur le do CV? Ar mhaith leat ról forbartha a bheith agat in eagraíocht náisiúnta Gaeilge? Tá Glór na nGael ag lorg beirt chun bheith páirteach ar ‘Coiste Iniúchóireachta Inmheánaigh’ na heagraíochta. Tá suim ar leith againn i mbeirt bhan a bheith linn ar mhaithe le cothromaíocht inscne a bhaint amach agus […]
Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael maidin Dé Luain 11 Marta ar chlár speisialta de chuid Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is iad na grúpaí seo, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus An Droichead Béal Feirste a bheas san íomaíocht don príomhdhuais na blaina agus taobh leis an nuacht […]
Intleacht Shaorga (AI) san ionad oibre Gaeilge I ndiaidh léacht ar an Intleacht Shaorga (AI) san ionad oibre Gaeilge leis an Dr. Eoghan Mac Conaill Óig an tseachtain seo caite, bhí neart le foghlaim agus gan aon amhras, bhí orainn an t-eolas a bhí foghlamtha a thriail chomh maith. Le sin ar intinn againn, chuireamar […]
Tá Scéim Tacaíochta Gnó 2024 ar oscailt anois – deis do ghnólachtaí tacaíocht airgid suas le 50% a fháil ar chomharthaíocht/ábhar margaíochta i nGaeilge/dátheangach Tá Scéim Tacaíochta Gnó Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais anois do 2024. Tá sé mar aidhm ag an scéim cuidiú le gnólachtaí an Ghaeilge a chur ar chomharthaí, pacáistí, suíomhanna […]
Tá áthas ar Ghlór na nGael Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh trí aird a dhíriú ar na mná sna clubanna CLG a bhailigh boinn FSMD anuraidh. Tá éacht á dhéanamh ag mná na Fondúireachta i gcur chun cinn na Gaeilge gach bliain. Guímid Lá Idirnáisiúnta na mBan den scoth orthu agus ar na mná go léir.
Tháinig ionadaithe ó 17 coiste pobail le chéile sa Radisson Blu in Áth Luain Dé Máirt 27 Feabhra le haghaidh Ceardlann Oiliúna agus Gréasánaíochta. Bíonn na ceardlanna seo á reáchtáil ag Glór na nGael cúpla uair sa bhliain le deis a thabhairt do na coistí pobail, Scéimeanna Forbartha Líonraí Gaeilge, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Oifigigh […]