Tá Glór na nGael chun tacaíochtaí a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeilge a bhfuil Úcráinigh ag fanacht leo. Tá teaghlaigh fud fad na hÉireann ag tabhairt dídean dóibh siúd a d’éalaigh ón chógadh sa Úcráin. Tríd a gcuid tithe agus croíthe a oscailt agus fáilte a chur roimh phobal na hÚcráine, tá muintir na […]
Bronnadh duaiseanna Ghlór na nGael ag ócáid speisialta in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair oíche Shathairn 26 Márta 2022. B’iad Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €15,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael […]
Beidh féile bhronnta Ghlór na nGael ag tarlú thar dheireadh seachtaine 25-27ú Márta i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Déanfar duaiseanna chomórtas Ghlór na nGael 2021 a bhronnadh le linn ócáide in Óstán an Chúirt, Gaoth Dobhair, oíche Shathairn, 26ú Márta ag 7:00in. Tá clár iomlán na féile ar fáil le híoslódáil anseo.
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 18 Márta 2022
Bhronn Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Labhrás Mac Carthaigh, boinn Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2021 ag ócáid speisialta ag Páirc Naomh Éanna, Baile Buadáin oíche Chéadaoine, an 16 Márta. Sé bhonn cré-umha agus fiche a bhronnadh ar an oíche, chomh maith le sé bhonn airgid agus cúig bhonn óir. Bronnadh na boinn ar chlubanna ó gach […]
Tá Glór na nGael, i gcomhar le Cumann Lúthchleas Gael, ag glacadh le hiarratais ar dheontais ó chlubanna atá cláraithe le Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh babhta 1 den scéim i 2022. Tá deontas de suas le €500 ar fáil anois do chlubanna atá rannpháirteach sa scéim teanga Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Incháilithe faoin […]
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Nuacht Theanga Tí 4 Marta 2022