Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Glór Teaghlaigh 21 Feabhra 2020
Ar an gClár speisialta de Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh ar an 19 Feabhra 2020, d’fhógair Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha, agus Sara Ní Chuireáin, Oifigeach Forbartha, Ghlór na nGael, torthaí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019. Fógraíodh suas le €80,000 de dhuaischiste ar maidin agus na duaiseanna sin roinnte ar choistí […]
Is féidir le tuismitheoirí an t-uafás a dhéanamh chun cabhrú le forbairt scileanna urlabhra agus teanga a bpáistí. Seo a leanas cúpla nod a bheith ina chabhair sa phróiseas sealbhú teanga sin don pháiste. Is fiú a chuimhniú nach mbíonn gach páiste mar a chéile ach ar ar mheán bíonn siad ag rá roinnt focail […]
Suíomhanna Foghlamtha do Thuismitheoirí agus Páistí Tá tuismitheoirí fud fad na tíre ar chumais difriúla ag foghlaim na Gaeilge taobh ar thaobh lena bpáistí. Bíonn riachtanais difiriúla fhoghlama ó theaghlach go teaghlach. Is foinsí úsáideacha tacaíochta iad na suíomhanna seo a leanas: Saotharlann.com Tá neart póstaeir an-dheas agus neart níos mó a bheadh oiriúnach […]
IS IOMAÍ CÚIS a bhíonn ag tuismitheoirí a chinneann ar an Ghaeilge a labhairt sa teaghlach – cúiseanna cultúrtha, oideachasúla nó féiniúlachta. Pé cúis atá ann, tá cuid mhór buntáistí le baint as an chinneadh. Beirtear páistí le cumas an iliomad teangacha a shealbhú agus dá óige iad is amhlaidh is fearr tabhairt faoi labhairt […]
Seo dhá rud déag ar fiú do thuismitheoirí a thuigbheáil agus maidir le tógáil clainne go dátheangach: 1 – Ní “le draíocht” a tharlaíonn sé Ní shealbhaíonn páistí dhá theanga “le draíocht.” Samhlaítear go forleathan go bhfuil “páistí ar nós spúinsí ó thaobh teangacha de” agus go bhfoghlaimeoidh siad gach teanga a chloiseann siad go […]
Ról an tuismitheora sa phróiseas foghlaim cainte Tá foghlaim na cainte ar cheann de na sileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí. Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas. Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh […]
Tá foghlaim na cainte ar cheann de na scileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí. Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas. Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh siad féin ina gcainteoirí maithe, lán mhuinín agus […]
Tá Béarla thart timpeall orainn gach áit agus in amanna bíonn sé deacáir ár bpáistí a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt. Seo thíos roinnt leideanna a chuideoidh leat. Teagmháil leis an Ghaeilge Nuair atá leisc ar pháiste an mionteanga a labhairt (an Ghaeilge inár gcás in Éirinn) agus má sé nó sí ag […]
Tá teaghlaigh ann le beirt tuismitheoir gur cainteoirí dúchais iad nach labhraíonn ach an Ghaeilge lena bpáistí. Is eiscíochtaí iad seo. Níos minice ná a mhalairt ní bhíonn an Ghaeilge ach ag duine amháin de na tuismitheoirí, nó b’fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag ceachtar acu agus cinneadh á ghlacadh go dtógfaidh […]
Is breá le linbh amhráin agus rannta. Is aoibhinn leo glór an tuismitheora a chloisteáil. Cabhraíonn amhráin agus rannta go mór lena scileanna labhartha agus éisteachta atá ag do leanbh a fhás agus a fhorbairt. Is é do ghlór an ceol is mó a thaitníonn le do leanbh. Mar sin abair amhráin di, fiú muna […]
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo: Glór Teaghlaigh 7 Feabhra 2020