Tá áthas ar Ghlór na nGael go mbeidh an Seomra Teaghlaigh ar bun mar is iondúil ag Oireachtas na Samhna le clár leathan imeachtaí leagtha amach. Beidh Ceol, Scéalaíocht, Cluichí, Maisiú, Rince, Ealaín agus Greann san Ionad Fóillíochta in Óstán an Gleneagle ar an Déardaoin agus an Aoine (1 agus 2 Samhain) idir 10:00 agus 17:00. […]
Beidh Fóram na dTeaghlach dhá eagrú ag Glór na nGael ag Oireachtas na Samhna. Is ócáid é seo le heolas a roinnt agus barúlacha tuismitheoirí a bhailiú maidir leis na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge. Pléfear feasacht, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil, gréasánaíocht agus acmhainní. Is í Muireann Ní Mhóráin (Príomhfheidhmeannach […]
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo Glór Teaghlaigh 19 Deireadh Fómhair 2018
Tá tús curtha le camchuairt mholtóirí Chomórtas Glór na nGael an seachtain seo agus iad ag taisteal timpeall na tíre le coistí agus grúpaí pobal a chur faoi mholtóireacht do Chomórtas Ghlór na nGael. Trí fhoireann atá amuigh ag bualadh le 40 coiste sna rannóga: Coistí Gaeltachta, bailte le daonra suas go dtí 4000, bailte […]
Féile Litríochta agus Ealaíona ‘saor in aisce’ don teaghlach go léir! Litríocht, scríbhneoireacht, drámaíocht, líníocht, scéalaíocht, cruthaitheacht, eolaíocht agus draíocht – spreagadh don tsamhlaíocht! 11-13 Deireadh Fómhair 2018 Féach clár iomlán: Féile IMRAM na n’Óg 2018 – clár imeachtaí Eolas agus áirithintí : noirin@glornangael.ie
Léigh an nuachtlitir is déanaí ó Ghlór na nGael anseo Glór Teaghlaigh 5 Deireadh Fómhair 2018
Tá áthas ar Ghlór na nGael an folúntas a leanas a fhógairt: Oifigeach Forbartha & Painéal leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin Beidh ról an Oifigigh Forbartha tiomanta don phobal agus bainfidh an ról le fás agus forbairt Ghlór na nGael trí straitéis shainmhínithe. Cuirfidh an t-iarrthóir rathúil an Ghaeilge chun cinn trí imeachtaí comhaontaithe, caidrimh agus gníomhaíochtaí […]