Tá 8 gcárta biongó anseo le focail agus frásaí a bhaineann le Samhain, is bealach iontach é seo le focail nua a chleachtadh. Tugann sé seans fosta do pháistí foghlaim faoi na nósanna agus na tradisiúin a bhaineann leis an fhéile. Biongó na Samhna
Lean na treoracha simplí seo le maisiúchán deas a dhéanamh don teach. Fear Bréige an Fhómhair
Bain triail as an oideas simplí seo le páistí thar saoire na Samhna. Súile Scanrúla
Léigh an t-alt seo a thugann smaointí maithe do thuismitheoirí maidir le dóigheanna leis an Ghaeilge labhartha a spreagadh sa teaghlach. Ag Spreagadh Páistí le Gaeilge a Labhairt
Tá tús curtha le moltóireacht Chomórtas Ghlór na nGael inniu agus na moltóirí ag tabhairt cuairt ar chaoga coiste pobail ó cheann ceann na tíre. Tugann na cruinnithe moltóireachta deis do na coistí toradh obair na bliana a chur i láthair na moltóirí. Tá coistí Ghlór na nGael go háitiúil rangaithe de réir daonra an […]
Is cúis mhór bhróin ag Bord Stiúrtha Ghlór na nGael a fhógairt go bhfuil Feargal Ó Cuilinn, ball dár bhfoireann, imithe ar shlí na fírinne. Fuair Feargal bás inniu 13 Deireadh Fómhair 2017, tar éis breoiteacht ghairid. Déanann stiúrthóirí agus foireann na heagraíochta comhbhrón ó chroí lena mháthair Bríd, lena bheirt iníonacha, Louise agus Aedín, […]
Brúigh ar an nasc thíos le alt suimiúil a léamh a scríobh Rita Rosenback, saineolaí teanga le blianta de thaithí ag obair le teaghlaigh dhátheangacha. Tá a suíomh féin aici agus is féidir le teaghlaigh atá ar lorg comhairle agus tacaíochta ar theaghlaigh a thógáíl go dátheangach dul i dteagmháil léi. https://multilingualparenting.com/
Tá an Fómhar buailte linn agus is am galánta den bhliain é le dul amach mar chlann ag siúl I bpáirc foraoise. Le páistí óga a choinneáil gnóthach, tabhair dóibh mála paipéir agus cóip den toraíocht dúlra seo. Tá sé go hiontach le focail nua Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh agus beidh an-spraoi acu […]
Brúigh ar an nasc le cárta oidis a fheiceáil le haghaidh barraí sútha talún agus coirce. Is gníomhaíocht an-deas é seo le déanamh le do theaghlach ar lá fliuch. Barraí Sú Talún agus Coirce
Obair Tí do Pháistí de reir Aoise Aoiseanna 2-4 Cuir bréagáin ar shiúil Cuir leabhair ar shiúil Tabhair uisce do phlandaí Cuir éadaí air/uirthi féin Bain éadaí dó/dí roimh dhul san fholcadán Scuab fiacla (ní mór do dhuine fasta fiacla an pháiste a scuabadh chomh maith) Aoiseanna 5-7 Gach rud thuas Cóirigh an […]
Tá liosta de clubanna óige Chumann na bhFiann don bhliain 2017/18 folsaithe agus ar fáil anois ag an nasc seo. Má tá spéis agat i gclub ar bith anseo, déan teagmháil le Cumann na bhFiann.
Tá muid anois ag clárú clubanna le haghaidh Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha 2018. Más mian leat do chlub a chlárú linn chun leas a bhaint as seirbhísí na Fondúireachta le linn 2018 moltar teagmháil a dhéanamh leis an ionadaí atá againn i do cheantar féin. Féach an liosta thíos chun teacht ar na sonraí teagmhála […]