Táimid ar lorg Oifigeach Maoirseoireachta Díolacháin! Tá gach eolas ar fáil ag an nasc thíos Bígí airdeallach ar an spriocdháta : Dé hAoine an 17ú Feabra ar a 17.00 Proifíl poist Oifigeach Maoirseoireachta Díolacháin Eanáir 2017
Tá an leagan is déanaí dár nuachtlitir teaghlaigh anois ar fáil! Bainigí sult as! Brúigh anseo:11ú Lúnasa
Tá Foirm Chlárúcháin 2017 le haghaidh Chomórtas Ghlór na nGael ar fáil anois. Is féidir an fhoirm a íoslódáil ag an nasc thíos. Seoltar foirmeacha ar ais chuig nora@glornangael.ie roimh 17 Márta. Is féidir comhairle nó cuidiú a lorg chun an fhoirm seo a chomhlíonadh ach teagmháil a dhéanamh le ball foirne Ghlór na nGael. […]
Tá fóirm chlárúcháin 2017 le haghaidh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar fáil anois ach teagmháil a dhéanamh linn. Seol ríomhphost chuig Frainc Mac Cionnaith, frainc@glornangael.ie chun suim a léiriú linn clárú leis an Fhondúireacht. Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le […]
Cuirfear tús le tréimhse úr de ranganna ar damhsa ar an sean-nós do pháistí óga ar an Déardaoin, an 26 Eanáir 2017. Beidh na ranganna á sholáthar ag Sibéal Davitt, agus reachtálfar iad i gCultúrlann na hÉireann, Baile na Manach, Baile Átha Cliath. Tá fáilte roimh dhaoine clárú anois. Is é an táille ná €50 […]
Beidh deis iontach do theaghlaigh teacht go dtí Gaeltacht na nDéise chun deireadh seachtaine spraoiúil a chaitheamh ann ón Aoine 17 go dtí an Domhnach 19 Feabhra 2017. Tá an deireadh seachtaine á eagrú ag Coláiste na Rinne i bpáirt le Glór na nGael chun deis a thabhairt do theaghlaigh saoire a bheith acu i […]