Bhí tuairisc faoin bhFéasta ar Nuacht TG4 ar an Domhnach, an 4ú Nollaig Ár mbuíochas le Caoimhe Ní Chathail, a bhí linn ar an oíche & a chuir an tuairisc le chéile Is féidir amharc air anseo
Tá tuairisc.ie tar éis gailearaí de phictiúir galánta ón bhFéasta a chur le chéile Is féidir amharc orthu uilig ag an nasc seo: http://tuairisc.ie/gailearai-feasta-100-morcheiliuradh-na-gaeilge-2016/
Tá Glór na nGael ag eagrú cóisir na Nollag do theaghlaigh le páistí óga, ar an Mháirt an 13ú Nollaig, sa Leabharlann i nDún Garbhán. Cuirfear tús leis an imeacht ag 10.30 ar maidin & leanfaidh sé ar aghaidh go meánlae. Beidh scéalaíocht againn a bheidh fóirsteanach do pháistí óga, chomh maith le amhráin agus […]
Sheol Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán CLG, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, fondúireacht nua i bPairc an Chrócaigh aréir. Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an CLG í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. I láthair ar an oíche bhí baill agus […]