Site logo

13-14 Aibreán – Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le déagóirí

Tá spásanna ag líonadh go gasta ach tá am ann go fóill clárú linn don Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le Déagóirí, Léim an tSionnaigh, Baile Uí Ghabhla, Co. Thír Eoghain, Dé Sathairn 13 – Dé Domhnaigh 14 Aibreán.

 

Is mó clú agus cáil atá ar an ionad gníomhachta as ucht a gcuid gníomhachtaí uathúla ar nós limistéir léime, tiomáint spéireachta, ziplíne agus luascadh mór agus anois tá na gníomhaíochtaí seo agus an eispéireas ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge acu.

 

Tá costas £100 ann do dhuine fásta agus £50 do na déagóirí (duine ar bith faoi 18). Clúdaíonn an phraghas sin 5 ghníomhaíocht, lón, dinnéar, stopadh thar oíche agus bricfeasta an maidin dár gcionn. Beidh éarlais £50 le híoc agus is féidir íoc as sin agus clárú anseo: 
Clárú – Stopadh thar oíche

 

Tá fáilte roimh chuairteoirí lae chomh maith. Tá costas £60 ann do dhuine fásta agus £50 do na déagóirí (duine ar bith faoi 18). Clúdaíonn an phraghas sin 5 ghníomhaíocht agus lón ar an lá. Beidh éarlais £30 le híoc agus is féidir íoc agus clárú anseo:
Clárú – Cuairteoirí Lae

 

Tá na gníomhaíochtaí dírithe ar pháistí ó aois 12 ar aghaidh ach beidh rogha ann do pháistí ó aois 6 ar aghaidh. Beidh go leor deiseanna ann i rith an lae do na teaghlaigh ar fad teacht le chéile agus aithne a chur ar a chéile.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi aon ghné eile den deireadh seachtaine, is féidir dul i dteagmháil le Niamh: niamh@glornangael.ie

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi ionad gníomhachta Léim an tSionnaigh anseo: https://toddsleap.com/