Rith 2012

Bhí Eoghan Mac Diarmada ón gclár RTÉ The Voice of Ireland agus Sinéad Ní Loideáin ó TG4 i láthair leis na sonraí a fhógairt faoi Rith 2012 - rith sealaíochta 700 km a gcuirfear tús leis i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall ar 8 Márta agus a chríochnóidh in Inis Mór i gCo. na Gaillimhe ar Lá Fhéile Pádraig. Beidh na mílte duine ag rith "ar son na Gaeilge" nuair a bheidh baitín atá deartha go speisialta don ócáid ag athrú láimhe idir daoine agus pobail don rith ar fad. Beidh teachtaireacht sa bhaitín seo a nochtfar in Inis Mór ag an deireadh den rith. 

 

Ghlac 20,000 duine páirt sa chéad Rith a reáchtáladh in Éirinn in 2010. I mbliana tá sé i gceist go mbeidh an rás i bhfad níos mó agus ag an am céanna déanfar airgead a chruinniú chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal ar fud na hÉireann.

 

"Táimid go mór ar bís faoi Rith 2012," a dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Bainisteoir na féile. "D'éirigh thar cionn le Rith 2010 agus chinneamar tabhairt faoi Rith arís i mbliana. Mar thoradh ar Rith tugtar pobail le chéile ón oileán ar fad ar mian leo tacaíocht agus dea-thoil a léiriú le linn Sheachtain na Gaeilge. Iarraimid ar dhaoine clárú anois, teacht amach agus páirt a ghlacadh ann," a dúirt sé.

 

Féadfaidh daoine a gcuid tacaíochta a léiriú trí pháirt a ghlacadh sa rith agus ciliméadar nó ciliméadair a cheannach ar líne. Déantar na brabúis uile a athinfheistiú sna pobail áitiúla le tacú leis an nGaeilge ag an leibhéal áitiúil.

 

Tugtar cuireadh do scoileanna, grúpaí pobail, clubanna spóirt agus daoine aonair ciliméadar a cheannach nó páirt a ghlacadh in aon chuid den chúrsa 700 km. Tá an t-eolas ar fad atá ag teastáil ar fáil ar www.rith.ie

 

Chomh maith leis an rith é féin, beidh líon mór imeachtaí eile ar siúl ag an am céanna ar feadh an bhealaigh mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.


Is féile dhébhliantúil é Rith a bunaíodh in 2010 agus mar aidhm aige an Ghaeilge a cheiliúradh sa phobal ar bhealach atá uileghabhálach, físeach agus gníomhach agus ag an am céanna airgead a chruinniú do thionscadail phobail na Gaeilge. Is carthanas cláraithe é Rith agus is comhfhiontar é atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus Seachtain na Gaeilge. Tabharfaidh Rith 2012 cuairt ar na contaetha seo a leanas: Dún na nGall, Tír Eoghain, Doire, Aontroim, Ard Mhacha, Muineachán, an Mhí, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Laois, Tiobraid Árann, Luimneach, an Clár, Gaillimh agus na hOileáin Árann. Faigheann Rith tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus Udar.ie.

 

  


Glór na nGael, Ráth Cairn, Áth Buí, Co. na Mí, eolas@glornangael.ie, Faics: 046 9487442, Fón: 046 943 0974. © Glór na nGael 2011