Gaeilge - Gàidhlig
Comórtas do nascanna pobail idir Éirinn agus Alba, Alba agus Éirinn
Á eagrú ag Glór na nGael le tacaíocht Colmcille. www.colmcille.net
Is iad na haidhmeanna atá ag Colmcille:
• Nascanna a chothú idir lucht labhartha na Gaeilge is na Gàidhlig agus idir pobail na Gaeilge is na Gàidhlig in Éirinn is in Albain;
• Eolas ar theangacha a chéile a chothú;
• Na nascanna seo a úsaid le:
o Comhthionól Gaeilge agus Gàidhlig a thógáil idir Éirinn is Albain;
o Cur le feasacht ar an dá Ghaeilge agus ar na nascanna eatarthu, agus cur lena n-iomrá;
o Úsáid agus iomrá an dá Ghaeilge a neartú;
o Beogacht agus inmharthanacht an dá Ghaeilge a neartú.
Spriocanna an Chomórtais:
1. Aitheantas i bhfoirm duaiseanna a bhronnadh ar choistí atá gníomhach i nascanna idir idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, agus idir pobal Gaeilge agus pobal Gàidhlig.
2. Forbairt agus foghlaim scileanna úra ag coistí agus grúpaí atá rannpháirteach
Critéir riachtanacha
• Caithfidh na hiontrálacha bheith bunaithe ar an nasc idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig
• Caithfidh na hiontrálacha cumarsáid a chothú idir Gaeilgeoirí agus cainteoirí Gàidhlig;
• Go rachadh an nasc chun sochair an dá phobail;
• Caithfidh na coistí nó na grúpaí pobail cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le chéile;
• Caithfidh gné foghlama Gaeilge nó Gàidhlig a bheith mar chuid de chlár imeachtaí na hiontrála;
• Cuirfear fáilte roimh coistí nó grúpaí deonacha,
• Mar chuid de mholtóireacht an chomórtais, beidh gá le tuairisc scríofa ó na rannpháirtithe;
• Go gcaithfear aon duais a bhuafar sa chomórtas seo leis an nasc idir an dá phobal teanga a dhoimhniú.
Critéir mholtóireachta, tabharfar aitheantas do:
• Úsáid na Gaeilge / Gàidhlig
• Cruthú deiseanna foghlamtha
• Doimhneacht na cumarsáide / páirtnéireacht idir an dá phobal
• Nuálaíocht
• Líon na ndaoine rannpháirteach in imeachtaí/tograí
• Neartú pobail i dtír amháin nó sa dá thír.
• Ullmhúchán agus pleanáil
• Taifead ar na himeachtaí (grianghraif, gearrthóga nuachtáin srl)